James Henry (aistritheoir)

aistritheoir Éireannach

D'aistrigh Dr. James Henry, nó Séamas Ó hInnéirghe an leabhar Ulysses de chuid James Joyce, ón mBéarla gó Gaeilge. Bhí sé faoi dhraíocht ag saothair James Joyce. Chuir a col ceathair, Mary, cóip de Ulysses chuige ó Mheiriceá agus chuir an leabhair faoi gheasa é. Fuair sé cabhair óna dheartháir céile as Maigh Eo, Basil Wilson, fear a raibh Gaeilge na hAlban aige chomh maith leis an nGaeilge, agus daoine eile (Séamas Ó Mongáin agus Breasal Ó hInneirge) chun an leabhar a aistriú.[1]

Infotaula de personaJames Henry
Beathaisnéis
Breith1918
105/106 bliana d'aois
Dumha Thuama Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Suíomh gréasáinjimhenry.info Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig Ó hInnéirghe ar an saol sa bhliain 1918 i nDumha Thuama i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Rinne sé staidéar ar an leigheas i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus bhí cleachtas aige i mBéal Feirste - baile dúchais a mhná céile – ar feadh tamaillín.

Chláraigh sé leis an RAF agus d'éirigh sé ina oifigeach leighis san RAF. Cuireadh thar sáile é. Bhain sé gradam Captaen Grúpa amach. Tháinig galar air, a d'fhág gurbh éigean do éirí as.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Eoin P. Ó Murchú (16 Meitheamh 2017). "Ulysses: Lig ort gur léigh tú an leabhar!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-06-17.