Jack Chambers

polaiteoir Éireannach

Is Aire Airgeadais na hÉireann agus leascheannaire ar Fhianna Fáil é Jack Chambers (a rugadh ar an 21 Samhain 1990).[1] Tá Chambers ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar ón bhliain 2016.[2]

Infotaula de personaJack Chambers

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Samhain 1990
33 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Aire Stáit ag an Roinn Cosanta
17 Samhain 2020 –
← Paul Kehoe
Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh
15 Iúil 2020 –
← Dara Calleary
Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt
15 Iúil 2020 –
Aire Stáit sa Roinn Airgeadais
1 Iúil 2020 – 15 Iúil 2020
← Michael W. D'ArcySeán Fleming →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Belvedere Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinjackchambers.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: jackfchambers Cuir in eagar ar Wikidata
2016
2020

Cé gur i nGaillimh a rugadh Chambers, bhog sé go hIarthar Bhaile Átha Cliath ag aois óg.

Is dochtúir leighis é agus rinne sé staidéar ar Leigheas san RCSI. Tá céim onóracha aige sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil ó Choláiste na Tríonóide.[1]

Sna 2010idí, bhí Chambers ina Chomhairleoir le Comhairle Contae Fhine Gall chomh maith le bheith ina Leas-Mhéara.

Toghadh é chuig an Dáil in olltoghchán Feabhra 2016 in Iarthar Bhaile Átha Cliath, a chéad rith riamh, agus atoghadh é in olltoghchán 2020.

Bhí Chambers ina Phríomh Aoire ar an Rialtas i Roinn an Taoisigh idir 2020-22, bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla - ina measc i ngnóthaí Gaeltachta idir 2021-2022 (tráth a chuir sé go mór lena chuid Gaeilge agus tugadh isteach reachtaíocht chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú) agus Aire Stáit Cosanta.

Bhí sé ina bhall gníomhach ar choistí éagsúla Oireachtais, lena n-áirítear an Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Coiste Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Coiste um Athchóiriú an tSeanaid.[1]

Ar an 19 Meitheamh 2024, cheap an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, Chambers mar leascheannaire - folúntas a bhí sa pháirtí ó d'fhág Dara Calleary an post i 2020 i bhfianaise scannal dhinnéar gailf Thithe an Oireachtais. Dúirt Martin gur polaiteoir cumasach agus díograiseach é Chambers a bhfuil "scileanna eagrúcháin" den scoth aige.[2]

Ar an 25 Meitheamh 2024, ceapadh Chambers mar Aire Airgeadais[3] (in áit Michael McGrath atá ainmnithe ina Choimisinéir Eorpach thar ceann na hÉireann). Fágann ceapachán Chambers gur cainteoir Gaeilge atá ina aire airgeadais den chéad uair ó 2017 (nuair a bhí an post ag Michael Noonan, iarcheannaire Fhine Gael).[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 gov.ie (2020-07-01). "Jack Chambers" (ga-IE). www.gov.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-19. Dáta rochtana: 2024-06-19.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-06-19). "Jack Chambers ceaptha ina leascheannaire nua ar Fhianna Fáil" (as ga-IE). 
  3. Ag an aire airgeadais atá an aireacht is sinsearaí sa Rialtas
  4. "An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.