Is éard is intleacht shaorga (IS)[1] ann ná córais ríomhaireachta ar féidir fadhbanna casta a réiteach, patrúin a aithint, agus comhairlí a chinneadh leo nach féidir a dhéanamh de ghnáth ach le hintleacht dhaonna, le hairíonna cosúil le foghlaim, asbheirt, imfhios is féincheartú.

Intleacht shaorga
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálearnáil eacnamaíochta, type of technology (en) Aistrigh, branch of computer science (en) Aistrigh agus type of intelligence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata
CA. Subredditartificial Cuir in eagar ar Wikidata

Is é a bhíonn i gceist ná aithris a dhéanamh le ríomhairí, an oiread agus is féidir, ar na próisis dhaonna intinne seo.

Cuimsíonn an t-ábhar brainsí éagsúla den ríomheolaíocht: cibirnitic, córais bunaithe ar eolas, próiseáil teanga nádúrtha, aithint ghutha, aithint phatrún, is róbaitic, agus go dtí seo tá an-dul chun cinn déanta i gcórais shaineolacha.

Meascán mearaí

cuir in eagar

Cuirtear gach blúire den bhuneolas ar ábhar áirithe — airgeadas, míochaine, dlí nó eile — i gclár ríomhaire, agus cuirtear cláir leis sin chun socruithe áirithe a dhéanamh i gcásanna éagsúla.[2] Bhain lucht bunaithe ChatGPT úsáid as 183,000 leabhar, na billiúin leathanach idirlín agus go leor foinsí eile sula raibh an áis intleachta saorga sin ábalta abairtí a chur le chéile a raibh ciall leo.

Bíonn sé an-deacair teanga a mhúineadh do IS mar gheall go mbíonn a cuid nósanna aisteacha agus a bealaí beaga féin ag gach teanga.[3]

An Ghaeilge

cuir in eagar

Mar gheall ar a laghad cainteoirí agus scríbhneoirí maithe Gaeilge atá ann, bíonn teacht ag lucht forbartha uirlisí IS i nGaeilge ar i bhfad Éireann níos lú foinsí ná mar a bhíonn ar fáil i mBéarla. Fadhb í seo mar dá mhéid sonraí atá ann is ea is sofaisticiúla na huirlisí. Bheadh IS as Gaeilge ag brath ar pé ábhar atá ann cheana féin a léireodh an caighdeán ceart agus an méid a mbeifeá ag súil leis.[4][3]

Scoileanna

cuir in eagar

Is féidir cás a dhéanamh srian a chur leis an intleacht shaorga i scoileanna, mar atá déanta sa tSualainn. Ach má ghlactar leis gur mó na buntáistí ná na míbhuntáistí a bhaineann leis an IS san oideachas, tá dúshláin ar leith ag baint le córas oideachais dátheangach na hÉireann.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, artificial intelligenceAI
  2. Hussey, Matt (2011). "Intleacht shaorga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 373.
  3. 3.0 3.1 "An baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh – saineolaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-04). Dáta rochtana: 2024-09-25.
  4. Michał Wieczorek, Eamon Costello (M.F. 2024). "AI tools could revolutionise education but leave Gaelscoileanna behind" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-09-25.