An tIarnród Tras-Sibéarach

(Athsheolta ó Iarnród Tras-Sibéarach)

Is iarnród é an tIarnród Tras-Sibéarach ó chathair Chelyabinsk i sléibhte na hÚraile trasna na Sibéire go dtí Vladivostok ar an Aigéan Ciúin.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn tIarnród Tras-Sibéarach
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineállíne iarnróid Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Rud nó duine a tháinig ina áitIarnród Krasnoyarsk Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
OibreoirIarnród na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirIarnród na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Léarscáil den Iarnród Tras-Sibéarach
Príosúnaigh Rúiseacha ag tógáil Iarnród Amur, cuid den Tras-Sibéarach, go luath san 20ú haois

Tógadh an Tras-Sibéarach i 18911905. Timpeall an ama chéanna tógadh géagáin ó Ulan-Ude ó dheas go hUlánbátar na Mongóile agus síos go Béising na Síne, agus ó Vladivostok go Harbin is Béising. Tógadh géagán mórthimpeall ar Loch Baikal i 1916. Sna 1960idí-1970idí tógadh géagán fada ó Novosibirsk ó thuaidh ó Loch Baikal go Nikolaevsk-na-Amure ar an Aigéan Ciúin.

Is iad na cathracha móra air ná Moscó, Ekaterinburg, Chelyabinsk, Omsk, Novosibirsk, Irkutsk, Ulan Ude, Kharbarovsk agus Vladivostok. Tá an t-iarnród leictrithe anois, ach tógann sé 7 lá taisteal ó cheann go ceann.[1]

 
Is é stáisiún Vladivostok ceann cúrsa thoir an Iarnróid Thras-Sibéaraigh.
  1. Hussey, Matt (2011). "Iarnród Tras-Sibéarach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 360.