Heartstopper (úrscéal grafach)


Is úrscéal grafach agus sraith  greannáin é Heartstopper le Alice Oseman, a tháinig amach don chéad uair sa bhliain 2016.

WD Bosca Sonraí LeabharHeartstopper

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálwebcomic (en) Aistrigh agus sraith úrscéalta grafacha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarAlice Oseman Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraficsean óg agus LGBT-related literature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Eile
Suíomh gréasáinaliceoseman.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Beirt bhuachaillí aeracha, Charlie agus Nick, atá i gcroílár an scéil. Tá siad ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad agus cuireann siad aithne ar a chéile diaidh ar ndiaidh. Cé go bhfuil siad an-difriúil óna chéile, fásann cairdeas eatarthu agus ní fada go mbíonn splanc an ghrá san aer. Ach tá orthu iad féin a shaoradh ó shrianta sóisialta más mian leo an cairdeas eatarthu a fhorbairt le bheith ina leannáin. [1]

Cuirtear an caidreamh idir Charlie agus Nick in iúl mar rud nádúrtha agus speisialta, agus caitear leis na carachtair mar ghnáthdhaoine óga atá ag fás aníos agus ag dul i ngleic leis an saol ó lá go lá. Tá siad beirt ag dul i ngleic le gnáthdhúshláin na hóige, mar atá gach a bhfuil mórthimpeall orthu. Tá an scéal lán le heispéiris uilíocha – cúrsaí scoile, cairdeas, grá, féinmhuinín, imní agus spraoi.[1]

Heartstopper (sraith theilifíse): Aisteoirí Kit Connor agus Joe Locke

Tháinig an chéad leabhar as Gaeilge sa tsraith amach sa bhliain 2024, aistrithe ag Eoin Mc Evoy agus foilsithe ag Futa Fata.[2] Fanann an leabhar dílis don bhunleagan.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Meadhbh Ní Eadhra (18 Meán Fómhair 2024). "Cuisle agus draíocht ‘Heartstopper’ tagtha slán sa leagan Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
  2. "Heartstopper (Leabhar 1)" (ga). www.futafata.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.