Giovanni Battista Belzoni

ársaitheoir Iodálach (1778-1823)

Taiscéalaí agus sladaí Iodálach ba ea Giovanni Battista Belzoni (15 Samhain 1778 - 3 Nollaig 1823). Bhailigh sé a lán seandachtaí agus é san Éigipt, in éineacht le Henry Salt, go háirithe ceann Raimséas II (ar taispeáint in Iarsmalann na Breataine inniu).

Infotaula de personaGiovanni Battista Belzoni

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Samhain 1778
Padua Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Nollaig 1823
45 bliana d'aois
Ughoton Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dinnireacht)
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, seandálaí, úrscéalaí, éigipteolaí, ársaitheoir, scríbhneoir ábhar taistil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Teaghlach
CéileSarah Belzoni Cuir in eagar ar Wikidata
"The Great Belzoni"; ‘fear láidir’ ar na haontaí, 1804

Tús a shaoil

cuir in eagar
 

I bPadua na hIodáile a rugadh Belzoni. Nuair a rinne na Francaigh ionradh ar an Iodáil, thug Belzoni a aghaidh ar Londain, áit ar thaispeáin sé féin mar ‘fhear láidir’ ar na haontaí; d’éirigh sé tuirseach de sin agus chuaigh lena bhean chéile agus le searbhónta chun na Spáinne, chun na Portaingéile, chun Málta agus ansin chun na hÉigipte.

 
Jan Adam Kruseman, 1824

Sa tír sin, bhain Belzoni tairbhe as an eolas a bhí aige ar an innealtóireacht agus bheartaigh caidéil de shaghas nua; ach ba bhocht an díol a bhí orthu, rud a d’fhág i gcruachás é.

 
Mr & Mrs Belzoni "Fruits of Enterprise" l64-66, 1841

Bhí cogadh cathartha ar siúl san Éigipt ag an am, agus tairbhe á bhaint ag beirt i gCaireo as: Henry Salt, consal na Breataine, agus an tIodálach Bernadino Drovetti, consal na Fraince. Mhaoinídís an bheirt feachtais sheandálaíochta agus dhíolaidís na hiarsmaí le hiarsmalanna agus le bailitheoirí, agus ní gan bhrabach é. Ba ghearr go raibh Salt agus Drovetti ag dul in adharca a chéile, agus iad araon ag iarraidh seandachtaí Éigipteacha a fháil ar ais nó ar éigean. Bhí gach duine acu ag brath ar dhiograiseoirí eile: bhí an sceitseálaí Frédéric Cailliaud agus an dealbhóir Jacques Rifaud ag cuidiú le Drovetti agus d’fhostaigh Salt Belzoni (bhí pas Briotanach ag Belzoni). Sa bhliain 1815 iarradh air rud a dhéanamh a bhí beagnach dodhéanta: dul síos an Níl go dtí an Téibh agus busta ollmhór Fárónach (Raimséas II) a thabhairt ar ais. Ach d’éirigh Belzoni leis.

 
'Memnon Óg,' Raimséas II, in Iarsmalann na Breataine.

Thoiligh Belzoni le seandachtaí a sholáthar do Salt, agus i gceann cúpla bliain d’aimsigh sé a lán tuamaí oga i nGleann na Ríthe; thug sé teampall mór Raimséas II chun solais agus d’oscail teampall Khéphrem i nGíse.

Mhéadaigh ar an tsuim a bhí aige in oidhreacht na hÉigipte, agus bhreac sé síos suíomh na ndealbh go cruinn ar na pleananna. D’éirigh idir é féin agus Salt, áfach, cé gurbh é siúd an t-aon duine amháin a d’fhéad íoc as an tochailt. D’fhág Belzoni agus a bhean an Éigipt sa bhliain 1819.

 
Bonn de Belzoni sa British Museum

Bhí an-fháilte roimhe i Londain: tháinig iontas ar dhaoine agus iad ag féachaint ar mhacasamhlacha de mhaisiú thuama Séthi I sa Halla Éigipteach i bPiccadilly.[1] Rinne sé cóip den sarcafagas, cuid de thaispeántas gluaiste a chuaigh trasna na hEorpa ó Pháras go Cathair Pheadair.

Deireadh a ré

cuir in eagar

Ar an drochuair, níor fhan an rath air.

Chuir sé roimhe foinse abhainn na Nigéire a fháil san Afraic. Ach fuair sé bás le dinnireacht (nó dúnmharú) i mBeinin, in aois a chúig bliana is daichead.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar