Sa cheimic,is éard is fuinneamh laitíse ann ná an fuinneamh is gá chun mól solaid ianaigh a thiontú ina iain ghásacha. Is féidir meastachán réasúnta a dhéanamh ar a luach do chuid mhaith comhdhúl, agus an luach sin a úsáid chun fuinnimh eile a ríomh.[1]

Laitís chriostail clóiríd sóidiam

Is tomhas é ar na fórsaí comhtháite a nascann solaid ianach. Tá méid an fhuinnimh laitíse ceangailte le go leor airíonna fisiceacha eile lena n-áirítear intuaslagthacht cruas, agus so-ghalaitheachta. Ós rud é nach féidir é a thomhas go díreach de ghnáth, déantar amach an fuinneamh laitíse de ghnáth ó shonraí turgnamhacha tríd an timthriall Born-Haber.[2]

Fuinneamh laitíse agus eantalpacht laitíse

cuir in eagar

Cuireadh coincheap an fhuinnimh laitíse i bhfeidhm ar dtús maidir le cruthú comhdhúile le struchtúir cosúil le cloch shalainn (NaCl) agus sfalairít (ZnS) áit a bhfuil na hiain i suíomhanna laitíse criostail ard-siméadrachta. I gcás NaCl, is é fuinneamh laitíse an t - athrú fuinnimh ar an imoibriú;

Na+ (g) + Cl- (g) → NaCl(s), arb ionann é agus −786 kJ/mol.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh laitíseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.
  2. Atkins (2010). "Shriver and Atkins' Inorganic Chemistry". New York: W. H. Freeman and Company.