Focail Ghaeilge nach leanann Caol le Caol agus Leathan le Leathan

Is éard is Focail Ghaeilge nach leanann Caol le Caol agus Leathan le Leathan ann ná focail nach leanann an riail litrithe Gaeilge Caol le Caol agus Leathan le Leathan (riail litrithe). De réir na rialach is gá go mbeadh gutaí leathana nó caola ar an dá thaobh de chonsain in aon fhocal. Is gutaí leathana iad 'a' agus 'o' agus 'u' agus is gutaí caola 'i' agus 'e'. Mar shampla an focal 'cailín' níorbh fhéidir a litriú mar 'calín' mar nach mbeadh 'a' agus 'i' ag freagairt dá chéile. Is eisceachtaí iad na focail seo.

Dobhriathra

cuir in eagar
  • arís
  • ansin
  • anseo
  • ansiúd
  • aneas
  • aniar
  • aníos

Is défhoghar leathan é 'ae', sa fhocal Gaeltacht mar shampla. Ba Gaedhealtacht a bhí ann ó cheart.

  • traein
  • aenna
  • traenacha
  • draenacha
  • aerach
  • laethanta
  • Gaelach
  • aeróg
  • Caesar

Comhfhocail

cuir in eagar

Leanann na focail féin an riail ach sáríonn í agus an comhfhocal cruthaithe

  • aerphost = aer + post
  • aerfort = aer + phort
  • mórshiúl = mór + siúl
  • neamhbheo = neamh + beo
  • dlúthdhiosca = dlúth + diosca
  • lámhleabhar
  • défhoghar
  • planditeach
  • cráinghuail
  • Bunreacht

Forainmneacha réamhfhoclacha

cuir in eagar

Giorrúcháin a bhí iontu seo i dtosach.

  • ina
  • lena

Focail eile

cuir in eagar
  • cocstí
  • dhera
  • ospidéal
  • ospís
  • teachín
  • lachín
  • drúchtín

Toisc go gcuirtear an foirceann '-ín' le focail uaireanta is deacair an riail a chur i bhfeidhm gan cur as do cháilíocht na ngutaí roimhe.