Fionnbarra Ó Cuilleanáin

sagart agus scríbhneoir Éireannach

Sagart agus údar ba ea An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin (18 Feabhra 1941 - 26 Bealtaine 2024), ball den Chumann Misin na hAfraice.[1][2][3]

Infotaula de personaFionnbarra Ó Cuilleanáin
Beathaisnéis
Breith18 Feabhra 1941
Bás26 Bealtaine 2024
83 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Chaith sé seal mar shagart paróiste ar Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGallsna 1960idí sula ndeachaigh sé chun na hAfraice ar na misin sa Nigéir,  sa Tansáin, i Ruanda agus sa Bhurúin.

Chuir sé an-spéis sna cultúir áitiúla le linn dó a bheith thar lear. Bhí bua na dteangacha aige agus d’fhoghlaim sé agus labhair sé teangacha na bpobal lenar mhair sé. Choimeád an tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin dialanna i nGaolainn agus é i mbun oibre san Afraic agus scríobh sé an leabhar An Bóthar Fada go Tamanrasset.[4][5][6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Death Notice of An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin SMA (Blackrock, Cork) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  2. "An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Gael go smior a thuill gean is meas ó chách, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-29). Dáta rochtana: 2024-05-30.
  3. Cumann Misin na hAfraice (2024-05-27). "Fr Fionnbarra Ó’Cuilleanáin SMA [RIP} | Society of African Missions" (en-US). Dáta rochtana: 2024-05-30.
  4. Fionnbarra Ó Cuilleanáin (1990). "An bóthar fada go Tamanrasset" (as ga-IE). Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS). 
  5. I mBealtaine na bliana 1979, bhí saoire faighte ag beirt sagart ó Éirinn; Fionbarra Ó Cuilleanáin SMA ó Chorcaigh agus Albert Nix, sagart ó Dheoise Luimní chun dul abhaile óna misin i dtuaisceart Nigeria. Bheartaigh siad gan dul ar eitleán chun na hEorpa mar ba nós leo roimhe sin ach ina áit sin dul trasna an tSahára go dtí cósta an Meánmhara
  6. "An Bothar fada go Tamanrasset | Litríocht" (en-US). Dáta rochtana: 2024-05-30.