Feallmharú Ismail Haniyeh


Feallmharaíodh ceannaire polaitíochta Hamas, Ismail Haniyeh,[1] ar an 31 Iúil 2024 (61 bliain d'aois ag an am).[2] An príomh-idirbheartaí Hamas a bhí ann. Ní raibh "díolúine thaidhleoireachta" ag Haniyeh ag an am ach mar pholaiteoir, agus duine measartha, ceapadh nach raibh sé faoi bhagairt (ceap magaidh a bhí sé in Iosrael le fada).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFeallmharú Ismail Haniyeh
Íomhá
Map
 35° 49′ 10″ N, 51° 24′ 57″ E / 35.8194°N,51.4158°E / 35.8194; 51.4158
Cineálionsaí sceimhlitheoireachta
dúnbhású
feallmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana31 Iúil 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTehran, An Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocIsmail Haniyeh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachIsmail Haniyeh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireAerfhórsa Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata

Ceapadh Ismail Haniyeh mar cheannaire polaitíochta Hamas in 2017 ach d'fhág sé Gaza agus chuaigh sé chun cónaithe i gCatar go gairid ina dhiaidh sin.

Dúradh faoi gur measarthach a bhí ann ó thaobh na polaitíochta de agus gur fhéach sé le caidreamh maith a chothú le ceannairí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí Palaistíneacha eile.

Mharaigh na hIosraelaigh triúr mac agus ceathrar garpháistí leis i dtuaisceart Gaza i mí Aibreáin 2024.[2]

Imeachtaí

cuir in eagar

Meastar gur thapaigh na hIosraelaigh an deis Haniyeh a mharú agus é san Iaráin in éiric an ionsaí roicéid a rinne Hezbollah ar Ardáin Ghóláin ar an 27 Iúil inar maraíodh dháréag ón bpobal Drúsach i Madjal Shams,[3] páistí ina measc.[4][5] Bhí Hezbollah i ndlúthpháirtíocht le Hamas ag an am agus maígh na hIosraelaigh gur ón Iaráin a fuarthas an roicéad a scaoileadh le hArdáin Ghóláin.

Bhí Ismail Haniyeh ina chónaí go lánaimseartha i gCatar ach chuaigh sé chun na hIaráine inné le freastal ar shearmanas insealbhaithe uachtarán nuathofa na tíre sin, Masoud Pezeshkian. Bhí cruinniú ag Haniyeh leis an uachtarán nua ar an 30 Iúil 2024.

Scaoil fórsaí Iosrael diúracán leis an áras cónaithe a raibh sé ag fanacht ann i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran. Maraíodh duine dá ghardaí slándála san ionsaí a rinneadh ag thart ar 2 a chlog ar maidin (am na háite) ar an 31 Iúil 2024.[2]

Iarmhairtí

cuir in eagar

Dúirt ardcheannaire na hIaráine an tAyatollah Khamenei go raibh dualgas ar an tír díoltas a agairt ar Iosrael as marú Ismail Haniyeh.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, assassination of Ismail Haniyeh
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-07-31). "Ceannaire polaitíochta Hamas maraithe san Iaráin" (as ga-IE). 
  3. "Majdal Shams attack" (as en) (2024-07-31). Wikipedia. 
  4. Le Monde (2024-07-28). "Thousands of Druze mourn youths killed in Golan rocket attack, Israel vows retaliation" (en). Dáta rochtana: 2024-07-31.
  5. Tá Ardáin Ghóláin ag tarraingt achrainn le leathchéad bliain ó ghlac Iosrael seilbh ar an limistéar. Ní aithnítear go hidirnáisiúnta ceannas Iosrael ar an áit, áfach.