Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024


Beidh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 an 59ú toghchán uachtaránachta, a reáchtálfar Dé Máirt, 4 Samhain 2024. Ar dtús ceapadh gur idir an t-uachtarán Joe Biden ón bpáirtí Daonlathach agus Donald Trump a bheadh an toghchán. Ach d'éirigh Biden as ar an 21 Iúil 2024[1] agus thug Biden a bheannacht láithreach do Kamala Harris mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh .

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
Map
CineálToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2024 United States elections (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Samhain 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
2020 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanUachtarán na Stát Aontaithe
Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirDonald Trump
Kamala Harris
Mike ter Maat (en) Aistrigh
Jerome Segal
Corey Stapleton
Kanye West
Nikki Haley
Jacob Hornberger (en) Aistrigh
Vivek Ramaswamy
Marianne Williamson
Asa Hutchinson
Robert F. Kennedy Jr.
Chase Oliver (en) Aistrigh
Joe Exotic (en) Aistrigh
Larry Elder
Tim Scott
Mike Pence
Chris Christie
Perry Johnson (en) Aistrigh
Ella Anderson
Claudia de la Cruz (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Nollaig 2024 Meeting (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Éirigh as an gcacamas!
MAGA 2024

Toghcháin tosaigh

cuir in eagar
 
Feachtas Nikki Haley 2024
 
Feachtas Biden 2024

Thosaigh baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin in Iowa ar 15 Eanáir 2024.[2][3] Bhí bua gan stró faighte ag Donald Trump i gcácas Iowa.[4] Ag an am, bhí Trump ina rogha láidir na coitiantachta le hainmniúchán na bPoblachtánach a fháil chun dúshlán Joe Biden agus na nDaonlathach a thabhairt (a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla). Fuair Trump 51% den vóta in Iowa, 30 pointe chun cinn ar Ron DeSantis a bhí sa dara háit agus 21% aige, agus 19% ag Nikki Haley.

Seachtain níos déanaí, dhaingnigh Trump in New Hampshire a ghreim ar an rás d’ainmniúchán na bPoblachtánach agus a chéile comhraic Nikki Haley os cionn 10 bpointe taobh thiar de. [5]

 
Feachtas Biden 2024

Ar an 24 Feabhra, thug stát South Carolina a bheannacht aréir do Trump, i bhfad chun cinn ar iar-ghobharnóir an stáit sin, Nikki Haley. Ba bheag de fheachtas a sheol Trump i South Carolina, bhí sé chomh cinnte sin de féin.[6]

Ar an 5ú Márta reáchtáladh an lá mór sa phróiseas roghnúcháin d'iarrthóirí, An Mháirt Mhór nó 'Super Tuesday' mar a thugtar air go traidisiúnta. Vótáladh 13-15 stát a gcuid toghchán féin le hiarrthóirí a chur chun cinn do thoghchán na hUachtaránachta.[7] [8]

Bhí bua mór eile ag Trump ar an 5 Máirt 2024 agus d'éirigh Haley as an rás. Níor bhuaigh Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais (Washington DC agus Vermont). An port a bhí ag Nikki Haley ag an am ná go raibh malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.[9] Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán.[10] Ag an am céanna, léirigh na pobalbhreitheanna go raibh imní leanúnach faoi chumas Biden de bharr cúinsí aoise agus sláinte tabhairt faoin dara téarma.

Bhí Trump os comhair na cúirte san earrach ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels in 2016 Chaith an giúiré dhá lá i mbun machnaimh. Faoi dheireadh, ar an 30 Bealtaine 2024, cúisíodh Trump sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith.[11] Sa deireadh, chinn an giúiré go raibh go leor fianaise ann, seachas ráitis Michael Cohen, chun Trump a chiontú.[12]

Ag dul in aois, i mí an Mheithimh 2024, ag ócáid tiomsaithe airgid, d’fhan Biden ina staic nuair a bhí sé in ainm dul ar stáitse agus b’éigean do Barack Obama breith ar lámh air agus é a threorú.  Agus an teip chognaíoch ag cur as dó, theip ar na hiarrachtaí a haois a cheilt ar an bpobal arís agus arís. Ní gan chúis gur chreid 86% de phobal Mheiriceá go bhfuil Biden róshean i gcomhair téarma uachtaránachta eile.[13]

Ag an am céanna, i mí an Mheithimh, bhí tuairim mhífhabhrach ag 54% den phobal faoi Trump de réir mheánthorthaí na bpobalbhreitheanna.[13]

Tharla díospóireacht ar CNN in Georgia ar an 24 Meitheamh 2024,[14][15] díospóireacht a d’fhág na Daonlathaigh buartha faoi chumas an Biden díriú ar a ábhar.[16] Ó shin i leith, bhí sé ina fhiabhras cainte agus díospóireachta sna meáin faoina aois, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne. Tharla botúin cainte eile; mar shampla, ar an 11 Iúil, ag preasócáid dá chuid féin, thug Biden an "Leas-Uachtarán Trump" ar a leasuachtarán féin, Kamala Harris.[17]

Ar an 13 Iúil 2024, rinneadh iarracht Donald Trump a fheallmharú. Theip air.

Thosaigh suíomh idirlín Trump ag taispeáint íomhá den fhuil ar a éadan tar éis an ionsaí gunna agus ag impí ar a lucht leanúna airgead a sheoladh chuig an bhfeachtas, ag impí ar dhaoine seasamh le chéile "le spiorad an mhuintearais agus na síochána". Bhí nasc ó shuíomh Trump chuig leathanach ar an ardán bailithe airgid WinRed[18] ina raibh íomhá a tharraing AP den iarrthóir, fuil ar a éadan agus a dhorn crochta san aer aige, agus an mana "FEAR NOT" air. Faoi sin tá na focla "Unity. Peace. Make America Great Again" agus roghanna éagsúla inar féidir síneadh láimhe a thabhairt don fheachtas. Bhí léinte eile ann agus na manaí 'Bulletproof', ‘Legends Never Die’, ‘Grazed but not Dazed, ‘Shooting Makes Me Stronger’ greannta orthu.[19]

Agus Trump ar mhuin na muice sna pobalbhreitheanna, ar an 21 Iúil 2024, d'fhógair Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí brú ar Bhiden ó Dhaonlathaigh shinsearacha ag bailiú nirt ag an am, agus in ainneoin Biden féin ag cur cosa i dtaca go poiblí, ba léir go raibh an brú sin ag imirt tionchair air. Bhí sé ina fhiabhras cainte agus díospóireachta sna meáin faoina aois, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne.[1]

 
Iúil 2024

Ar an 21 Iúil 2024, d'fhógair Joe Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh don Uachtaránacht 2025-2029.[20] Dúirt Kamala Harris gurb é a mian ná ainmniúchán a páirtí don toghchán uachtaránachta “a shaothrú agus a bhuachan” agus thug Biden a bheannacht láithreach do Harris mar iarrthóir.[21]

Eagraíocht

cuir in eagar

Is toghchán indíreach é an próiseas ainmniúcháin, ina gcaitheann vótálaithe ballóidí ag roghnú scláta teachtaí chuig coinbhinsiún ainmniúcháin páirtí polaitíochta, a thoghann ansin ainmnithigh a bpáirtithe ansin mar uachtarán agus mar leasuachtarán. 56 réamhthoghchán ar fad a bheidh ann d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh don toghchán uachtaránachta i mbliana.

Reáchtálfar toghcháin an tSeanaid 2024 agus toghcháin Theach na nIonadaithe 2024, mar aon le toghcháin áitiúla éagsúla eile, i gcomhthráth le toghchán na huachtaránachta.[4]

Teastaíonn 270 vóta de chuid an Choláiste Toghcháin sular féidir iarrthóir a fhógairt ina Uachtarán.[22][23]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-07-22). "Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris" (as ga-IE). 
  2. "Iowa caucuses" (as en) (2024-01-16). Wikipedia. 
  3. Nuacht RTÉ (2024-01-16). "Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 "Bua gan stró faighte ag Donald Trump in Iowa, tús curtha le feachtas fada" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-16). Dáta rochtana: 2024-01-17.
  5. "A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-24). Dáta rochtana: 2024-01-25.
  6. Nuacht RTÉ (2024-02-25). "Trump buacach i South Carolina" (as ga-IE). 
  7. "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
  8. Caroline Linton (2024-03-06). "Which states voted on Super Tuesday? Full list of states and the delegates at stake - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2024-03-06.
  9. "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
  10. Máirín Ní Ghadhra (11 Márta 2024). "Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.
  11. Dan Mangan (2024-05-30). "Trump guilty on all 34 counts in hush money trial, historic first for a former U.S. president" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2024-05-31.
  12. Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Trump: achomharc le déanamh "chomh luath agus is féidir"" (as ga-IE). 
  13. 13.0 13.1 Fachtna Ó Drisceoil (20 Meitheamh 2024). "Bheadh na Daonlathaigh níos fearr as dá mbeadh Biden uafásach sa díospóireacht in aghaidh Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-20.
  14. "Biden v Trump – is beag díospóireacht riamh a bhí chomh cinniúnach…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-27). Dáta rochtana: 2024-07-14.
  15. Tús ÁIte / RnaG (2024-06-27). "Díospóireacht Trump Biden" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-07-14.
  16. "Trump v Biden: ‘Sleepy Joe’ ar strae is bréaga móra Trump" (en-GB) (2024-06-28). Dáta rochtana: 2024-07-14.
  17. Nuacht RTÉ (2024-07-12). "Cosa curtha i dtaca ag Biden in ainneoin na sciorrtha focail" (as ga-IE). 
  18. winred.com (2024). "Éadaí". Dáta rochtana: 2024.
  19. Nuacht RTÉ (2024-07-15). "An braon fola agus an brabach ag Feachtas Trump" (as ga-IE). 
  20. Nuacht RTÉ (2024-07-22). "Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris" (as ga-IE). 
  21. "‘Déanfaidh mé an t-ainmniúchán a shaothrú agus a bhuachan’ – Kamala Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-22). Dáta rochtana: 2024-07-22.
  22. Nuacht RTÉ (2024-07-12). "Cosa curtha i dtaca ag Biden in ainneoin na sciorrtha focail" (as ga). 
  23. 306 vóta a fuair Joe Biden in 2020