Is éard is fórsa van der Waals ann ná nasc an-lag idir adaimh neodracha. Mar sin, ar bhonn logánta tarlaíonn fórsaí éartha is aomtha idir na hadaimh seo, agus fórsa glan an-lag eatarthu. Laghdaíonn fórsa seo van der Waals go géar in aghaidh an fhaid idir na luchtanna. Bíonn na naisc laga seo freagrach as leachtú héiliam is na dtriathghás eile [1]

Arna ainmniú i ndiaidh an fhisiceora Ollannach Johannes Diderik van der Waals, tá ról bunúsach ag fórsaí van der Waals i réimsí chomh héagsúil le cheimic fhormhóilíneach, bitheolaíocht struchtúrach , eolaíocht pholaiméireach, nanaitheicneolaíocht, eolaíocht dhromchla, agus fisic ábhair chomhdhlúite. Cuireann sé bonn freisin faoi go leor airíonna comhdhúil orgánach agus solad móilíneach, lena n-áirítear a dtuaslagthacht i meáin pholacha agus neamhpholacha.a n-intuaslagthacht sna meáin pholach agus neamhpholach.

Is iad seo an t-aomachán idir déphoil mheandracha agus déphoil ionduchtaithe ar mhóilíní in aice lena chéile.

De réir mar a bhogann leictreoin go gasta i bhfithiseáin, bíonn a suíomh ag athrú de shíor; áit ar bith in adamh. Beidh an fhéidearthacht ann go mbeidh níos mó leictreon ag taobh amháin den adamh ná ag an taobh eile. Mar gheall air seo, bíonn déphol ann a ionduchtaíonn déphoil ar adaimh in aice leis. Tá na hadaimh aomtha i dtreo a chéile anois ag fórsa lag.

Dá mhéad é líon na leictreon san adamh nó sa mhóilín, is amhlaidh is mó na déphoil ionduchtaithe agus is láidre fórsaí van der Waals. Tá sé seo soiléir nuair a chuirtear fiuchphointí na dtriathghás i gcomparáid lena chéile:

Dá mhéad é líon na leictreon san adamh nó sa mhóilín, is amhlaidh is mó na déphoil ionduchtaithe agus is láidre fórsaí van der Waals. Tá sé seo soiléir nuair a chuirtear fiuchphointí na dtriathghás i gcomparáid lena chéile; féach an tábla Triathghás Fiuchphointe/°C;

Triathghás Fiuchphointe/°C
Héiliam -269
Neon -246
Argón -186
Crioptón -152
Xeanón -108
Radón -62
Idirghníomhaíocht dépholach-dépholach idir dhá mhóilín clóiríd hidrigine (HCl)

Tá idirghníomhuithe buana déphol-déphol ann le cois fórsaí van der Waals agus tá siad níos láidre ná fórsaí van der Waals.[2]

  1. Hussey, Matt (2011). "Nasc van der Waals". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 696.
  2. Fórsaí Idirmhóilíneacha