Is eagraíocht armtha mhídhleathach é Euskadi ta Askatasuna (as Gaeilge, Tír na mBascach agus Saoirse), a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar ETA.

Bosca Sonraí EagraíochtaETA
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrETA, ЭТА, ЕТА, ЭТА, ΕΤΑ, אט״א, اتا, ԷՏԱ, ЕТА, إيتا, ایٹا, ЭТА agus เอตา Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht sceimhlitheoireachta
eagraíocht armtha (–2018)
iar-aonán (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtanáisiúnachas Bascach
scarúnachas
gluaiseacht neamhpleáchais
sóisialachas réabhlóideach
Abertzale left (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh31 Iúil 1959
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte3 Bealtaine 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
7 Meitheamh 1968 Murder of José Pardines (en) Aistrigh (Villabona)
2 Lúnasa 1968 Murder of Melitón Manzanas (en) Aistrigh (Irun)
4 Deireadh Fómhair 1976 assassination of Juan María de Araluce Villar (en) Aistrigh (Donostia)
22 Deireadh Fómhair 1978 October 1978 Getxo attack (en) Aistrigh (Getxo, Bilbo)
29 Iúil 1979 July 1979 Madrid bombings (en) Aistrigh (Maidrid)
1 Feabhra 1980 1980 Ispaster attack (en) Aistrigh (Ispaster)
13 Iúil 1980 1980 Orio ambush (en) Aistrigh (Orio)
20 Meán Fómhair 1980 1980 Markina attack (en) Aistrigh (Markina-Xemein)
3 Samhain 1980 1980 Zarautz attack (en) Aistrigh (Zarautz)
22 Márta 1982 Rancho Chileno restaurant attack (en) Aistrigh (Sestao)
14 Meán Fómhair 1982 September 1982 Rentería attack (en) Aistrigh (Donostia, Errenteria)
14 Iúil 1986 Plaza República Dominicana bombing (en) Aistrigh (Maidrid)
30 Eanáir 1987 1987 Zaragoza military bus bombing (en) Aistrigh (Zaragoza)
19 Meitheamh 1987 1987 Hipercor bombing (en) Aistrigh (Barcelona)
11 Nollaig 1987 1987 Zaragoza Guardia Civil Barracks bombing (en) Aistrigh (Zaragoza)
25 Meitheamh 1990 Foz de Lumbier incident (en) Aistrigh (Foz de Lumbier (en) Aistrigh)
8 Nollaig 1990 Sabadell bombing (en) Aistrigh (Sabadell)
29 Bealtaine 1991 1991 Vic bombing (en) Aistrigh (Vic)
28 Meitheamh 1991 1991 Ranilla bombing (en) Aistrigh (Sevilla)
16 Meán Fómhair 1991 Mutxamel bombing (en) Aistrigh (Mutxamel)
6 Feabhra 1992 1992 Madrid bombing (en) Aistrigh (Maidrid)
21 Meitheamh 1993 1993 Madrid bombings (en) Aistrigh (Maidrid)
29 Iúil 1994 Plaza de Ramales attack (en) Aistrigh (Maidrid)
11 Nollaig 1995 1995 Vallecas bombing (en) Aistrigh (Maidrid)
14 Feabhra 1996 murder of Francisco Tomás y Valiente (en) Aistrigh (Maidrid)
13 Iúil 1997 30 Iúil 1997-kidnapping and murder of Miguel Ángel Blanco (en) Aistrigh (Lasarte-Oria)
21 Samhain 2000 murder of Ernest Lluch (en) Aistrigh (Barcelona)
30 Nollaig 2006 2006 Madrid–Barajas Airport bombing (en) Aistrigh (Aeropuerto de Madrid-Barajas T4 (en) Aistrigh)
19 Meitheamh 2009 Murder of Eduardo Puelles (en) Aistrigh (Arrigorriaga)
30 Iúil 2009 2009 Palma Nova bombing (en) Aistrigh (Calvià)
16 Márta 2010 Murder of Jean-Serge Nérin (en) Aistrigh (Villiers-en-Bière)
20 Deireadh Fómhair 2011 Announcement of the definitive cessation of ETA's armed activity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinTír na mBascach, an Spáinn agus an Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

D'úsáid an bhallraíocht modhanna foréigin cosúil le dúnmharú, fuadach, sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú — bunú stát neamhspleách don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na Spáinne agus iardheisceart na Fraince.

Idir 1960 agus 2010, fuair timpeall 1114 duine bás san iomlán, agus b'fhéidir 486 sna forsaí slándála nó sa rialtas. san áireamh sin.[1]

Múrphictiúr ar son ETA, 2003

nuachtán ann "Gara" (www.gara.net), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA)

Dhírigh ETA a gcuid buamaí de ghnáth ar phóilíní agus ar bhaill den Guardia Civil (macasamhail an Gharda Síochána in Éirinn).

Ar an 20 Nollaig 1973, feallmharaíodh Luis Carrero Blanco, faisisteach, agus príomh-aire na Spáinne. Chuir ETA buama ollmhór faoin mbóthar, 80 cileagram dinimíte a bhí ann.[2] D'imigh an réimeas faisisteach le sruth ina dhiaidh a bháis. Bhí Francisco Franco féin ag dul in aois ag an am.

 
Múrphictiúr ar son ETA in Alsasua na Spáinne

Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta 2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː Buamáil na dtraenacha i Maidrid.[3]

Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac 1530 Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.[4][5]

Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.

 

Ritheadh bille thar a bheith conspóideach a dtugtar "Plean Ibarretxe" air (is é José Luis Ibarretxe lehendakari, nó Príomh-Aire, na mBascach) sa pharlaimint réigiúnach Bhascach ag deireadh mhí na Nollag 2004. Ba é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.[6]

D'fhógair ETA sos cogaidh ar an 24 Márta 2006, tar éis 817 duine a mharú le linn a bhfeachtais. Ach ghlac ETA le pléascadh buama in aerfort Mhaidrid, Barajas, ar an 30 Nollaig 2006 inar maraíodh beirt, tar éis don rialtas Spáinneach buaileadh leo go rúnda le linn na míosa sin.

Tháinig sos cogaidh buan i bhfeidm.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Basque conflict" (as en) (2020-11-26). Wikipedia. 
  2. "Assassination of Luis Carrero Blanco" (as en) (2020-12-12). Wikipedia. 
  3. Carmen Rodríguez (2004). "Iarracht an Partido Popular dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.
  4. "United Nations Security Council Resolution 1530" (as en) (2020-01-31). Wikipedia. 
  5. trepo.tuni.fi. ""Political responses to terrorism" lch 147". Dáta rochtana: 2020.
  6. Carmen Rodríguez (2005). "Is beag seans atá ann go n-éireoidh le Plean Ibarretxe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.