Léiríonn ealaín ón ré Phailéiliteach an fhoirm is sine d'ealaín réamhstairiúil.[3] Fuarthas an fhianaise is luaithe againn den ealaín fíorach sa Phluais Karampuang san Indinéis; tá an phéintéireacht ar a laghad caoga míle bliain d’aois agus léiríonn sé muc allta in aice le trí fhíor atá cosúil le daoine.

Véineas as Willendorf, Naturhistorisches Museum, Vín
Péintéireacht uaimhe Gwion Gwion ón Astráil,[1] a cruthaíodh timpeall 12,000 bliain ó shin
an Löwenmensch as Hohlenstein-Stadel, dealbh a cruthaíodh 40,000 bliain ó shin[2]

Téann ealaín na seanchlochaoise sa Eoraip chomh fada siar le 40,000 bliain ó shin, caomhnaithe sa dealbhóireacht,[2] nó i bpluaiseanna aolchloiche sa bhFrainc is sa Spáinn. Tá múrmhaisithe mórthaibhseacha ann a léiríonn radhairc seilge ina bhfuil líníochtaí réalaíocha capall, tarbh is a lán ainmhithe eile, cinn atá imithe in éag san áireamh.[4]

dealbhóireacht i gceist freisin: is é Véineas as Willendorf[5] an saothar is cáiliúla, dealbh bheag, 11.1 cm ar airde, a fuarthas ar an 7 Lúnasa 1908 in Willendorf, baile beag san Ostair. Cruthaíodh an dealbh timpeall 29,500 bliain ó shin. Tá an dealbh déanta as úilít (aolchloch); níl úilít ar bith le fáil sa cheantar.[6] Fuarthas an úilít in aice le Loch Garda b'fhéidir.[7][8] Thángthas ar an saothar seo go domhain faoin talamh.[9] B'fhéidir go bhfuil an bhean (nó dia) ag iompar clainne, nó b'fhéidir go bhfuil sí de chineál "Hotantatach".[10][11] Meastar gur le haghaidh searmanais reiligiúnacha nó draíochtúla a úsáideadh an dealbh seo.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Gwion Gwion rock paintings" (as en) (2024-05-07). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 "an Löwenmensch as Hohlenstein-Stadel, 40,000 bliain ó shin" (as en) (2024-06-24). Wikipedia. 
  3. "Paleolithic Period - Art, Tools, Hunter-Gatherers | Britannica" (en). www.britannica.com (2024-05-22). Dáta rochtana: 2024-07-16.
  4. Hussey, Matt (2011). "Ealaín Phailéiliteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.
  5. i mBéarla, Woman of WillendorfVenus from Willendorf
  6. Matthew Goodrum (2022-07-31). "Josef Szombathy (1853-1943)" (as en). 
  7. Gerhard W. Weber, Alexander Lukeneder, Mathias Harzhauser, Philipp Mitteroecker, Lisa Wurm, Lisa-Maria Hollaus, Sarah Kainz, Fabian Haack, Walpurga Antl-Weiser, Anton Kern (2022-02-28). "The microstructure and the origin of the Venus from Willendorf". Scientific Reports 12: 2926. doi:10.1038/s41598-022-06799-z. ISSN 2045-2322. PMID 35228605. PMC:8885675. 
  8. nó san Úcráin (thángthas ar dhealbha eile den saghas seo sa tír sin)
  9. zobodat.at (2008). "The anthropomorphic figurines from Willendorf". Dáta rochtana: 2024.
  10. "Hottentot (racial term)" (as en) (2024-05-06). Wikipedia. 
  11. "Sarah Baartman" (as en) (2024-07-08). Wikipedia.