Dries van Agt
Polaiteoir, dlíodóir agus taidhleoir Ollannach ab ea Andreas Antonius Maria "Dries" van Agt;( 2 Feabhra 1931 – 5 Feabhra 2024). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an Ísiltír ón 19 Nollaig 1977 go dtí an 4 Samhain 1982. Bhí sé ina cheannaire mór le rá ar Pháirtí an Phobail Chaitlicigh (Ollainnis:Katholieke Volkspartij, (KVP) agus ina dhiaidh sin ar a pháirtí comharba, an tAchomharc Daonlathach Críostaí (Christen-Democratisch Appèl,(CDA))