Deborah Moffatt

file de bhunadh Meiriceánach a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge na hAlban

File de bhunadh Meiriceánach a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge na hAlban is ea Deborah Moffatt.

Infotaula de personaDeborah Moffatt
Beathaisnéis
BreithNorwich, Vermont Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síThe Putney School (en) Aistrigh
Ollscoil Bhostúin
Ollscoil Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKingsbarns (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmfile, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla

Suíomh gréasáindeborahmoffatt.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: deborahmoffatt Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh agus tógadh í in Vermont i Meiriceá. Fuair sí céim ó Ollscoil Washington le BA i Spáinnis agus i gCumarsáid agus MSc i gCumarsáid ó Ollscoil Bhostúin. Chaith sí roinnt blianta i Meiriceá Theas, ag obair mar iriseoir san Airgintín, in Uragua agus i Meicsiceo, áit ar ceapadh í ina hEagarthóir Airgeadais ar The News i gCathair Mheicsiceo. In 1982 chuir sí fúithi in Albain agus tá sí ina cónaí i bhFíobha ó shin.[1]

Is ceoltóir traidisiúnta í, agus cumann sí filíocht i mBéarla agus i nGaeilge. Bhain sí duaiseanna sa dá theanga, agus ghnóthaigh sí duais dhá uair ag Feis Leabhar Bhaile na h-Ùige. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici, dhá cheann i mBéarla agus ceann i nGaeilge. Tá ficsean dá cuid foilsithe i ndíolamaí le Bloomsbury, Faber, Harper Collins agus Virago.[2]

Sliocht as “Air Acair’’:

...’s sin thu, a’ coimhead air an sgàthan,
a’ coimhead air d’ aodann fhèin
mar nach eil fios agad cò thu
no cò às a thàinig thu,
iargaltas na tìre air do chùlaibh,
aodann na h-aibheis air do bheulaibh,
sàl nad fhuil, ùir nad chnàmhan,
an làr a’ tulgadh fo do chasan.

Foilseacháin

cuir in eagar
  • Eating Thistles (Ripon: Smokestack Books, 2019)
  • Far From Home (Béal Feirste: Lapwing, 2004)
  • Dàin nan Dùil (Inbhear Nis: CLÀR, 2019).