Is éard is súmaire fola (nó vaimpír, deamhan fola, creachaire fola uaireanta) ann ná carachtar ficseanúil uafáis.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSúmaire fola

Cuir in eagar ar Wikidata

Is ón mbéaloideas a thagann scéal na súmairí fola. Éiríonn leo iad féin a bheathú ar fhuil na ndaoine beo. I mbéaloideas na hEorpa bhí marbháin bheo sna súmairí fola a thugadh cuairteanna ar a ngaolta agus a bhuaileadh bobanna orthu nó a mharaíodh daoine sa chomharsanacht a raibh aithne acu orthu nuair a bhí siad ina mbeatha. Chaithidís taiséadaí agus bhíodh cuma bhorrtha ar a gcoirp agus iad crón go maith. Tá sé seo sách éagsúil ón gcuma a shamhlaítear leo sa lá atá inniu ann, is é sin vaimpírí cnámhacha caola mílítheacha. Tháinig an coincheap seo chun tosaigh go luath sa 19ú haois.

Feictear leithéidí na vaimpírí i bhformhór mór na gcultúr a bhfuil taifead orthu. Tháinig an téarma vampire chun tosaigh in Iarthar na hEorpa nuair a scaip histéire a bhí bunaithe ar nithe a creideadh sna Balcáin agus in Oirthear na hEorpa. Sháigh roinnt daoine corpáin agus cuireadh i leith daoine gur súmairí fola iad. Tá leaganacha éagsúla den súmaire fola le feiceáil i scéalta Oirthear na hEorpa agus tá ainmneacha éagsúla orthu i dteangacha an réigiúin, ar nós shtriga san Albáin, vrykolakas sa Ghréig agus strigoi sa Rómáin.

Sa lá atá inniu ann, de ghnáth, glactar leis go coitianta nach bhfuil sa vaimpír ach neach ficseanúil. Mar sin féin creidtear i gcultúir áirithe i gcréatúir chosúla, amhail an chupacabra. Uaireanta cuirtear creideamh seo an phobal i leith aineolais i dtaobh lobhadh na gcorpán tar éis báis agus an chiall a bhain daoine i sochaí réamhthionsclaíoch as. Is féidir gur chum siad carachtar na vaimpíre chun rudaí nár thuig siad faoin mbás a mhíniú. Nascadh porfairia le finscéalta in 1985 ach bréagnaíodh an nasc ó shin.

Sa bhliain 1819 a tháinig súmaire fola mealltach sofaisticiúil fhicsean an lae inniu chun tosaigh nuair a foilsíodh The Vampyre le John Polidori. Bhí an-ráth ar an scéal agus áitítear gurbh é an saothar is mó a raibh tionchar aige ó thaobh na súmairí sa 19ú haois. Cuimhnítear ar Dracula Bram Stoker a foilsíodh sa bhliain 1897 mar úrscéal tipiciúil faoi shúmairí fola agus is é a leag bonn faoi fhinscéal reatha an tsúmaire, cé gur foilsíodh é tar éis Carmilla Joseph Sheridan Le Fanu a tháinig i gcló sa bhliain 1872. Spreag Dracula agus an rath a bhí sainseánra na scéalta faoi shúmairí fola, a bhfuil tóir mhór orthu sa 21ú haois agus áirítear leabhair, scannáin, cláir theilifíse agus cluichí ríomhaireachta ar na meáin a bhfeictear na súmairí iontu. Tá an vaimpír tar éis teacht chun tosaigh mar cheann de na carachtair is suntasaí i seánra an uafáis.

Féach freisin

cuir in eagar