Cynan Dindaethwy ap Rhodri

Rí Gwynedd

Bhí Cynan Dindaethwy ap Rhodri (d'éag 816 ) ina rí ar Gwynedd .

Infotaula de personaCynan Dindaethwy ap Rhodri
Beathaisnéis
Breith740
Tiarnas Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
Bás816 (Féilire Ghréagóra)
75/76 bliana d'aois
Tiarnas Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
Tiarnas Gwynedd
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais
Teaghlach
PáisteEthyllt ferch Cynan Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRhodri Molwynog
SiblínHywel ap Rhodri Molwynog

Beathaisnéis

cuir in eagar

De réir na ginealais, ba mhac Rhodri Molwynog é Cynan. Fuair Rhodri bás sa bhliain 754 níl aon trácht ar Cynan go dtí 813, mar sin deirtear sa Bywgraffiadur Cymreig go bhfuil earráid sa ghinealais. D'éirigh Cynan ina rí ar Gwynedd ar bhás Caradóg ap Meirion, a deirtear gur col ceathrair dó é. Throid Cynan le Hywel, a dheartháir dar leis an Dr. David Powel, cé go dtugtar Hywel ap Caradog air uaireanta. Sa bhliain 814 d'éirigh le Hywel Ynys Môn a ghabháil ó Chynan. Sa bhliain 816 bhuaigh Cynan an t-oileán ar ais, ach fuair sé bás an bhliain sin.[1]

Is tagairt é an buafhocal Dindaethwy ina ainm don foroinn chríche 'cwmwd' Dindaethwy (Tindaethwy ), ceann den dá choll i cantref Rhosyr, in oirdheisceart Ynys Môn. Bhí Dindaethwy suite idir Afon Menai agus Traeth Lafan ó dheas agus Traeth Coch ar Mhuir Éireann ó thuaidh. Féidearthacht eile is ea go bhfuil Dún Dindaethwy i gceist ag an "Dindaethwy" ina ainm, agus creidtear gur dhún a bhí ann ar chnoc in aice le Plas Cadnant, Porthaethwy ar Ynys Môn. Dá bhrí sin, is féidir glacadh leis go muiníneach gur de bhunadh an gcuid seo de Ynys Môn é Cynan.[1]

Bhí a iníon Esyllt ina máthair ag Merfyn Frych, athair Rhodri Mawr.[1]

  1. 1.0 1.1 1.2 Y Bywgraffiadur Cymreig hyd 1940 (Anrhydeddus Gymdeithas y Cymmrodorion).