Is teanga díothaithe Briotainice í Cruithnis, labhartha ag na Cruithnigh, dream lonnaithe in oirthear agus tuaisceart na Alban ón gCianaoise Déanach go dtí Luath-Mheánaois. Is pas bheag deimhnithe díreacha atá ann den teanga, seanchas roinnt logainmneacha agus ainmneacha pearsanta ar séadchomharthaí agus i taifid chomhaimseartha na gCruithneach.

Infotaula de llenguaAn Chruithnis
Cineálteanga mharbh, teanga gan imscaoileadh, teanga agus teanga stairiúil
Úsáid
Dúchasach doNa Cruithnigh
StáitRíocht na hAlban
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaogham
Cóid
ISO 639-3xpi
Glottologpict1238
IETFxpi

Cuireann an fhianaise teangan úd in úil gur ghaolmhar le Briotainis Choiteann é an Chruithnis, ach pléitear seo fós. Measadh sa 20ú haois gur teanga aonraíoch neamh-Phróit-Ind-Eorpais í. Is miontuairim é seo anois, áfach.

Tháinig Meán-Ghaeilge in áit na Cruithnise. Le linn réimis Dhómhnall II na h-Alban (889–900), tugadh ag eachtrannaigh an t-ainm Alba don ríocht. Ní bhfuair Cruithnis bás go tobann, ámh, go dtí b'fhéidir an t-aonú haois déag.[1]

  1. Broun|1997; Broun|2001; Forsyth|2005|ll. 28–32; Woolf|2001; Bannerman|1999, passim, representing the "traditional" view.