Cruach (miotal)
An príomhchóimhiotal iarainn is ea cruach[1]. Iarann atá ann, cruaite le codán an-bheag carbóin.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/6/65/Steel_universal_joint.gif/220px-Steel_universal_joint.gif)
Téarmaíocht
cuir in eagarIs ionann an chruach agus cóimhiotal iarainn a bhfuil ábhairín beag carbóin (timpeall ar 0.2 - 1.7 %) ann. Tabhair faoi deara gurb ionann ainmníoch agus ginideach an fhocail Ghaeilge de réir an chaighdeáin oifigiúil: an chruach, na cruach. Úsáidtear an fhoirm cruaidh (an chruaidh, na cruadhach) i gcanúintí áirithe freisin.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/7/76/The_viaduct_La_Polvorilla%2C_Salta_Argentina.jpg/220px-The_viaduct_La_Polvorilla%2C_Salta_Argentina.jpg)
Úsáid
cuir in eagar'Sé an t-ábhar miotalach is mó úsáide ar fad. Dhéantaí méid beag di in allód trí iarann múnla a théamh chun an méid carbóin sa chiseal dromchlach a laghdú. Níos déanaí, dhéantaí í i soithigh leáite chun uirlisí a dhéanamh.
Is é an tionchar a imríonn an carbón ar an iarann ná na hadaimh a choinneáil le chéile níos daingne, ionas nach féidir iad a asáitiú chomh furasta. Cuireann sin leis an teacht aniar atá sa chruach, i gcomparáid leis an ngnáthiarann.
Cé gurb é an carbón, go bunúsach, a dhéanann cruach den iarann, is minic a chuirtear cóimhiotail éagsúla eile leis an iarann le cineálacha speisialta cruach a tháirgeadh: mangainéis, vanaidiam, cróimiam, agus tungstan, cuir i gcás.
Is cruach shimplí carbóin an chuid is mó den chruach a dhéantar, ach uaireanta déantar cruach ar leith trí mhiotail éagsúla a chur leis: mar shampla, cruach ardchóimhiotail i gcomhair uirlisí, agus cruach dhomheirgthe le nicil is cróimiam ann.
Stair
cuir in eagarTosaíodh ar dhéanamh cruach sa tSín roimh an 6ú céad.
Bhí na daoine ábalta cruach a tháirgeadh ó laethanta an Renaissance anuas, ach níor éirigh sí coitianta roimh lár na naoú haoise déag, nuair a tháinig próiseas Bessemer agus tiontaire Bessemer ar an bhfód.
B'iad an t-innealtóir Sasanach, Henry Bessemer, agus an miotalóir Meiriceánach, William Kelly, a tháinig ar an smaoineamh faoin am céanna beag beann ar a chéile. Thosaigh a táirgeadh ar mhórscála san iarthar i 1856 le próiseas Bessemer.
Bhí an próiseas in úsáid taobh amuigh den Eoraip leis na céadta bliain anuas, le fírinne, ach níor rith le haon duine roimh Kelly agus Bessemer é a chur i bhfeidhm ar an mórscála sa tionsclaíocht.
Féach freisin
cuir in eagar- TealIach oscailte. Feidhmíonn sé le hiarann ó mhianaigh, rud nach féidir a dhéanamh le próiseas Bessemer.
- Próiseas Bessemer.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)