Croithlí

ionad daonra i gContae Dhún na nGall

Is baile suite i nGaeltacht Chontae Dhún na nGall é Croithlí[1]Croichshlí (leagan neamhoifigiúil Béarla: Crolly). Tá sé lonnaithe i bparóistí Ghaoth Dobhair agus Na Rosa. Abhainn Chroithlí a scarann an dá pharóiste. Ceantar dearóil, iargúlta ach galánta é Croichshlí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCroithlí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°01′09″N 8°18′44″W / 55.0192°N 8.3121°W / 55.0192; -8.3121
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde70 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412967

Tá tábhairne Páidí Óg lonnaithe ann agus tá cáil ar Leo's Tavern (athair Enya agus Clannad)

Leo's Tavern

Bábóga Choithlí

cuir in eagar

Tá cáil ar an mbaile as Bábóga Chroithlí nó Crolly Dolls a dhéanamh, bábóga a dhíoltar ar fud an domhain. Dhún an comhlacht sna 1970dí ach d'oscail ceann úr sa bhliain 1993.

Tony O'Reilly

cuir in eagar

Ag deireadh na 1940idí, chaith an Tony O'Reilly, an fiontraí, ar a laghad bliain sa scoil i dTor gar do Chroithlí i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhí a thuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ar a thoil aige, rud a bhí riachtanach ag an am dá mba mhian leat post a fháil sa státseirbhís.[2]

Scoil dhá oide a bhí an ag an am –  príomhoide na scoile, Séamus Mac Giolla Bhríde (nó Jimmy Pheadair mar ab fhearr aithne air) agus Nora Dunlop. Dúnadh an scoil thart faoin bhliain 1968 ach tá an foirgneamh ann go fóill.[2]

  1. Croithlí/Crolly | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 "Tréimhse Tony O’Reilly sa Ghaeltacht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-21). Dáta rochtana: 2024-05-21.