Conaing Coirre

rí in Éirinn sa 7ú haois
(Athsheolta ó Conaing Cuirre)

Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conaing mac Conghaile (Sean-Ghaeilge Conaing mac Congaile (bás 662), ar a glaodh Conaing Cuirre.[1] Conghal mac Aodha Sláine (bás 634), iar-rí, ba ea a athair.[2] Bhí sé i réim ón mbliain 634 go dtí 662 i gcríocha Chnóbha (Cnogba), nó Tuaisceart Bhreá.

Infotaula de personaConaing Coirre
Beathaisnéis
Bás662 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCongalach mac Conaing Cuirre, Irgalach mac Conaing Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCongal mac Áedo Sláine

Agus Conaing i gcoróin, bhí a uncailí, Diarmaid (bás 665) agus Blathmac (bás 665) ina gcomh-Ardríthe na hÉireann. Tuairiscítear sna hannála gur tharla cath idir Blathmac agus lucht leanúna Dhiarmada ag Cath Ogomain sa bhliain 662.[3][4] Maraíodh Conaing ag troid ar son Bhlathmaic sa chath cathartha seo. Mharaigh fosta a chomhghuaillithe, Ultán mac Ernaine, taoiseach na gCiannacht, agus Cenn Fáelad mac Gerthide, taoiseach na gCiannacht Ard.

Uí Chonaing a glaodh ar a mhuintir a bhí ina ríthe ag Cnobha ina dhiaidh. Ríthe Bhreá fosta ba ea a mhic, Conghalach (bás 696) agus Iarghalach (bás 702). Ardrí Éireann ba ea Cináed mac Iargalaigh]] (bás 728) (ní raibh ach Ardrí Uí Chonaing eile ina dhiaidh, Conghalach Chnobha sa 10ú haois). Phós a iníon, Caintigern, Ceallach Chualann (bás 715), rí Laigean de chlann Uí Mháil. Máthair Naomh Kentigerna ba ea í.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. cuirre, (leicne) coirre, ar eDIL
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, aguisín II
  3. Annála Uladh, AU 662.2
  4. Annála Tiarnaigh , AT 662.4