Coláiste Moibhí

coláiste ullmhúcháin i gContae Bhaile Átha Cliath idir 1926 agus 1995

Coláiste Ullmhúcháin lán-Ghaeilge, do bhuachaillí agus chailíní Protastúnacha (cailíní amháin níos déanaí) a mbeadh fonn orthu leanúint leo go coláiste oiliúna múinteoirí arb é Coláiste Moibhí. Mhair an choláiste ó 1926 go 1995. Bhí sí lonnaithe lasmuigh de Shean Chill i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí 1968 nuair a d'athlonnaíodar go Ráth Maonais, BÁC. Bhí sé fós faoi stiúir Eaglais na hÉireann is rinneadh scoil fhriothálach de chuid Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann é. Bhí an coláiste oideachais sin in aice báire, i Ráth Maonais, agus dá bharr sin, leanfadh formhór na ndaltaí ar aghaidh chuig an Choláiste sin i ndiaidh na hArd Teiste. Tugadh Coláiste Moibhí uirthi in onóir an Naoimh ón gcúigiú haois arb as den bhaile ar ainmníodh ina honóir. Is é sin Cill Mobhí i gContae Mhaigh Eo.

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Moibhí
Sonraí
Cineáluniversity-preparatory school (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1926
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Ba cheann de sé Choláiste Ullmhúcháin a bhí i gColáiste Moibhí a bhunaigh rialtas an Saorstáit nua i 1926 chun sruth múinteoirí líofa le Gaeilge a sholáthar do na scoileanna mar chuid de pholasaí Gaelú na tíre. Is faoi Rialtas Chumann na nGaedheal, faoin Aire Ciarraíoch, John Marcus O’Sullivan a cinneadh iad a oscailt. Thacaigh John Allen Fitzgerald Gregg a bhí ina Ard-Easpag ar Eaglais na hÉireann i mBÁC lena n-oscailt. B'é an t-aon cheann Protastúnach as na sé cinn í. Dúnadh an coláiste sa bhliain 1995 de dheasca fás na scoileanna ilchreidmheacha. Is Ionad acmhainn do leabharlann Choláiste Oiliúna Eaglais na hÉireann an foirgneamh céanna anois.

Iontas a sheasann amach faoi Choláiste Moibhí ná gur fhan sí ar oscailt tar éis don Uachtarán Pádraig Ó hIrighile na cúig scoil Chaitiliceacha eile (dhá cheann do bhuachaillí agus trí cinn do chailíní) a dhúnadh i 1961 agus é ina Aire Oideachais do rialtas Fianna Fáil idir 1959–1965.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar