Coláiste Ailigh

Ard gaelscoil i nDún na nGall

Is meánscoil lánGhaeilge do bhuachaillí agus cailíní i Leitir Ceanainn, Tír Chonaill é Coláiste Ailigh. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2000. Tá sí suite i gCnoc na Móna i Leitir Ceanainn agus faoi láthair tá 280 scoláire ag freastal uirthi.

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Ailigh
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2000

Suíomh gréasáinhttp://colaisteailigh.ie/
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Leitir Ceanainn
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Letterkenny
(ga) Leitir Ceanainn Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálÁit lonnaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla47.76 km²
Airde os cionn na farraige52 m
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tSúileach
Map
 54° 57′ 24″ N, 7° 43′ 13″ O / 54.9566°N,7.7204°W / 54.9566; -7.7204
Suíomh gréasáin oifigiúilletterkenny.ie

Scoil de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna Chontae Dhún na nGall í agus nuair a bunaíodh a chéaduair í sa bhliain 2000, bhí sí lonnaithe go sealadach in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Bhog sí i lár Mheán Fómhair 2000 go dtí Teach Sprackburn ar an Bhóthar Ard. Sa bhliain 2013, bhog an scoil isteach i bhfoirgneamh úrnua i gCnoc na Móna agus d'oscail an Taoiseach Éanna Ó Cionnaigh an scoil go hoifigiúil i 2014.

Tá clú bainte amach ag an scoil i réimsí na drámaíochta, an cheoil agus an spórt. Tá traidisiún láidir acadúil ag an scoil.

Míchéal Ó Giobúin atá mar phríomhoide reatha ar an scoil.