Cluichí an Chomhlathais

(Athsheolta ó Cluichí Comhlathais)

Is ócáid idirnáisiúnta, ilspóirt iad Cluichí an Chomhlathais (Béarla: Commonwealth Games, ar a dtugtar Cluichí Impireacht na Breataine 1930-1950, Cluichí na hImpireachta agus an Chomhlathais Bhriotanaigh 1954-1966, agus Cluichí an Chomhlathais Bhriotanaigh 1970-1974) a bhaineann le lúthchleasaithe ó Chomhlathas na Náisiún. Reáchtáladh an ócáid den chéad uair in 1930, agus, cé is moite de 1942 agus 1946, nuair a cuireadh ar ceal é mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ar siúl gach ceithre bliana ó shin i leith.

Léarscáil na Náisiún a ghlacann páirt i gCluichí an Chomhlathais.

Is í Cónaidhm Chluichí an Chomhlathais (CGF) a eagraíonn an clár spóirt agus a roghnaíonn na cathracha óstacha.

Cé go bhfuil 53 ball de Chomhlathas na Náisiún, glacann 71 foireann páirt sna Cluichí, mar gheall ar roinnt críoch spleách a ghlacann páirt faoina mbratach féin. Seolann Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, agus Tuaisceart Éireann foirne ar leith, mar shampla. Níl ach sé thír ann a d'fhreastail ar gach Cluichí go dtí seo: An Astráil, Ceanada, Sasana, an Nua-Shéalainn, Albain, agus an Bhreatain Bheag.

Tíortha rannpháirteacha

cuir in eagar

Ghlac 71 náisiún páirt i gCluichí an Chomhlathais i nGlaschú in 2014.[1][2]:

Náisiúin a ghlac páirt i gCluichí an Chomhlathais in 2014


Liosta na gCathracha Óstacha

cuir in eagar
Cluichí Impireacht na Breataine
Eagrán Bliain Cathair Dáta Tosaigh Dáta Deiridh Líon Spórt Tíortha Foireann is mó rath
I 1930   Hamilton, Ceanada 16 Lúnasa 23 Lúnasa 6 11   Sasana
II 1934   Londain, Sasana 4 Lúnasa 11 Lúnasa 6 16   Sasana
III 1938   Sydney, Astráil 5 Feabhra 12 Feabhra 7 15   Astráil
IV 1950   Auckland, Nua-Shéalainn 4 Feabhra 11 Feabhra 9 12   Astráil
Impireacht na Breataine agus na Cluichí gComhlathas
V 1954   Vancouver, Ceanada 30 Iúil 7 Lúnasa 9 24   Sasana
VI 1958   Caerdydd, An Bhreatain Bheag 18 Iúil 26 Iúil 9 36   Sasana
VII 1962   Perth, Astráil 22 Samhain 1 Nollaig 9 35   Astráil
VIII 1966   Kingston, Iamáice 4 Lúnasa 13 Lúnasa 9 34   Sasana
Cluichí gComhlathas na Breataine
IX 1970   Dún Éideann, Albain 16 Iúil 25 Iúil 9 42   Astráil
X 1974   Christchurch, Nua-Shéalainn 24 Eanáir 2 Feabhra 9 38   Astráil
Cluichí gComhlathas
XI 1978   Edmonton, Ceanada 3 Lúnasa 12 Lúnasa 10 46   Ceanada
XII 1982   Brisbane, Astráil 30 Meán Fómhair 9 Deireadh Fómhair 10 46   Astráil
XIII 1986   Dún Éideann, Albain 24 Iúil 2 Lúnasa 10 26   Sasana
XIV 1990   Auckland, Nua-Shéalainn 24 Eanáir 3 Feabhra 10 55   Astráil
XV 1994   Victoria, Ceanada 18 Lúnasa 28 Lúnasa 10 63   Astráil
XVI 1998   Kuala Lumpur, An Mhalaeisia 11 Meán Fómhair 21 Meán Fómhair 15 70   Astráil
XVII 2002   Manchain, Sasana 25 Iúil 4 Lúnasa 17 72   Astráil
XVIII 2006   Melbourne, Astráil 15 Márta 26 Márta 16 71   Astráil
XIX 2010   Deilí, India 3 Deireadh Fómhair 14 Deireadh Fómhair 17 71   Astráil
XX 2014   Glaschú, Albain 23 Iúil 3 Lúnasa 17 71   Sasana
XXI 2018   Gold Coast, Astráil 4 Aibreán 15 Aibreán 17 -
XXII 2022   Durban, An Afraic Theas 18 Iúil 31 Iúil 71 -

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-12-29. Dáta rochtana: 2015-01-13.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-23. Dáta rochtana: 2015-01-13.