Séadchomhartha Náisiúnta (221.01) is ea Cloch Oghaim Airghleannaan Gallán, suite in Airghleann i gContae Chiarraí, Éire.[1][2][3]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cloch Oghaim Airghleanna
Sonraí
CineálCloch oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 16′ N, 10° 15′ O / 52.26°N,10.25°W / 52.26; -10.25
Cloch Oghaim Airghleanna

Tá Cloch Oghaim Airghleanna suite i ndiallait idir Cnoc Bréanainn agus Más an Tiompáin,[2] ag 52° 15′ 32″ N, 10° 14′ 56″ O / 52.2589°N,10.249°W / 52.2589; -10.249.

Cuireadh an chloch suas mar leac uaighe, le hinscríbhinn as Gaeilge Chianach, tuairim is AD 550–600.[4][5]

Is cloch ghainimh í, le tomhas 191 × 38 × 20 cm. Is í an inscríbhinn ná:

᚛ᚊᚏᚔᚋᚔᚈᚔᚏ ᚏᚑᚅᚐᚅᚅ ᚋᚐᚊ ᚉᚑᚋᚑᚌᚐᚅᚅ᚜
QRIMITIR[6] RO/Ṇ[A]/ṆN MAQ̣ COMOGANN
[lia] sagairt [cruimther] Rónáin mhic Comhgháin.[7]

Tá cros chiorclaithe uirthi.[8][9]