Meaisín a oibrítear de láimh chun litreacha is siombailí eile a chlóbhualadh ar pháipéar. De réir traidisiúin bíonn na carachtair suite ar bharra a dhéanann buille trom méire ar ghléas an ribín le dúch air a bhualadh i gcoinne an pháipéir. Gluaiseann an páipéar go huathoibríoch tar éis gach litir a chlóbhualadh mar sin. Fuair William Burt paitinn ar an ngluaiseacht seo i 1824, agus cuireadh roinnt bheag meaisíní malla ar an margadh ina dhiaidh sin. Ach i 1867 thóg Christopher Sholes an chéad mheaisín a bhí cosúil leo siúd atá in úsáid ó shin. D'fheabhsaigh comhlacht Remington (is comhlachtaí eile ina dhiaidh sin) a dhearadh, agus thosaigh tionscal rathúil uiledhomhanda ag déanamh is ag díol na gclóscríobhán seo. Timpeall céad bliain ina dhiaidh sin tháinig an clóscríobhán leictreach chun cinn nár ghá dó ach teagmháil leis na gléasanna chun litreacha a scríobh, an clóscríobhán liathróid gailf ar féidir an liathróid leis na cló-aghaidheanna uirthi a athrú go héasca chun fiú teangacha eile a scríobh, agus ansin an clóscríobhán leictreonach le cuimhne, scáileán, clóbhualadh tapa is gnéithe eagarthóireachta is stórála mar atá i bpróiseálaithe focal anois.[1]

Infotaula equipament informàticClóscríobhán

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cáilíochtaíleagan amach méarchláir
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agChristopher Latham Sholes, Frank Haven Hall, Carlos Glidden agus Samuel W. Soule
  1. Hussey, Matt (2011). "Clóscríobhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.