Cléire

oileán i gContae Chorcaí

Oileán is ea Cléire[1]Oileán Chléire i ngar do Chontae Chorcaí in Éirinn. Tá breis is 100 duine ina gcónaí ar an oileán. Gaeltacht oifigiúil is ea é.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCléire
(ga) Cléire Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán agus an Ghaeltacht Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie12977 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51° 26′ N, 9° 30′ O / 51.43°N,9.5°W / 51.43; -9.5
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Cheilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige160 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí1.5 (leithead) × 3 (fad) km
Achar5.511 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincapeclearisland.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Dún an Óir, Cléire

Tíreolaíocht

cuir in eagar

Is é Oileán Chléire, atá 7 km ar fhaid agus 2 km ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 15 ciliméadar siar ó Dhún na Séad i gCo. Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh.

 
Tithe
 
 
An séipéal

Tá tábhacht ar leith ag baint le teach solais Charraig Aonair, atá siar ón oileán, i ngnóthaí turasóireachta an oileáin. Tá an-suim ag turasóirí dul amach leis an Charraig a fheiceáil ar thuras báid.

In 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; caithfear €1 milliún ar Ionad Cuairte agus Oidhreachta Chléire agus Charraig Aonair. Beidh taispeántas 3 Thoiseach san Ionad.[2][3]

Sa bhliain 2023, chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d'eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán.

Gaeilge Chléire

cuir in eagar

Is féidir staidéar a dhéanamh ar chanúint an oileáin sa leabhar Seanchas Chléire le Conchúr Ó Síocháin agus sa leabhar Céad Fáilte go Cléire. Ceann de na shean-dírbheathaisnéisí Gaeltachta é an chéad cheann acu, agus cnuasach béaloidis ón oileán an dara ceann acu.

Daonáireamh 2011

cuir in eagar

De réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 tá cónaí ar 124 (fir, 63; mná, 61) duine ar oileán Chléire. Dúirt 88 duine (74.6% den daonra trí mbliana d'aois nó níos aosta) go raibh an Ghaelainn acu. Dúirt 40 duine (33.6%) go n-úsáidfidís an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.

Bailte fearainn

cuir in eagar
  • Baile Iarthach Theas
  • Baile Iarthach Thuaidh
  • Cnocán an Choimthigh
  • Gleann Iarthach
  • Gleann Meánach
  • Gleann Oirtheach
  • Coinnlín
  • Crathach Thiar
  • Crathach Thoir
  • Cill Leice Fórabhain
  • Lios Ó Móine
  • Cnocán na mBairneach
  • Gort na Lobhar
  • An tArdghort
  • Ceathrúna
  • Comalán

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Cléire/Clear Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-13). "€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta" (as ga-IE). 
  3. Máirtín Ó Catháin (14 Meán Fómhair 2024). "Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.