Matamaiticeoir, fealsamh, innealtóir meicniúil agus ceannródaí ríomheolaíochta a saolaíodh i Walworth, Londain, ab ea Charles Babbage (26 Nollaig 179118 Deireadh Fómhair 1871).[1]

Infotaula de personaCharles Babbage

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Nollaig 1791
Walworth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Deireadh Fómhair 1871
79 bliana d'aois
Marylebone, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh duán)
Áit adhlacthaReilig Kensal Green Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh Lúcásach le Matamaitic
1829 – 1839 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge (1810–)
Totnes Grammar School (en) Aistrigh
Peterhouse, Cambridge
King Edward VI Community College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Máistir Ealaíon
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic, fealsúnacht anailíseach agus ríomheolaíocht
Gairmmatamaiticeoir, múinteoir ollscoile, innealtóir, réalteolaí, fealsamh, cumadóir, eacnamaí, eolaí ríomhaireachta, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileGeorgiana Whitmore Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBenjamin Babbage, Henry Babbage Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 12433 Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne sé taighde ar theoiric na logartam. Tá aithne air mar cheann de cheannródaithe agus de bhunaitheoirí na ríomheolaíochta.

inchinn Babbage ... leath di i bpróca sa Mhúsaem Eolaíochta i Londain.

Thóg Babbage leagan beag dá dhearadh le haghaidh inneall difríochta - réamhtheachtaire an ríomhaire - agus cheap sé córas cláraithe chuige sna 1820idí. Fuair sé airgead ó rialtas na Breataine ó 1823 chun a thaighde a thabhairt chun cinn ach níor éirigh leis inneall iomlán a chur le chéile agus d'éirigh an rialtas as an tionscadal a mhaoiniú sa bhliain 1842. Faoin am sin bhí Babbage ag díriú isteach ar inneall anailíseach a chruthú a chuirfeadh an t-inneall difríochta as feidhm. Bhí go leor suimeanna eile aige le linn a shaoil agus bhí aithne air i saol sóisialta Londain mar gheall ar a leagan féin den soirée eolaíochta a reachtáladh, smaoineamh a thóg sé isteach ón Fhrainc.

Bhuail cliseadh duánach é, agus fuair sé bás ar 18 Deireadh Fómhair 1871 in aois 79 dó. Cuireadh leath dá inchinn ar taispeáint i gColáiste Ríoga na Máinlianna i Londain agus tá an leath eile di fós le feiceáil sa Mhúsaem Eolaíochta i Londain.

An "Difference Engine #2", i músaem i Londain.

Sa bhliain 1991, thóg an Músaem Eolaíochta i Londain "Inneall Difríochta Uimhir 2", leagan lánscála dá mheaisín ríomhaithe de réir na mbundearthaí ó 1847. Taispeánadh go n-oibreodh meaisín bunaithe ar phleananna Bhabbage dá dtógfaí é sa 19ú haois.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).