Catherine Murphy

polaiteoir Éireannach

Is iarpholaiteoir agus Teachta Dála do cheantar Chill Dara Thuaidh í Catherine Murphy (Gaeilge: Caitríona Ní Mhurchú) (a rugadh ar an 1 Meán Fómhair 1953). Tá sí ina ball de na Daonlathaigh Shóisialta

Infotaula de personaCatherine Murphy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1953
70 bliana d'aois
Baile Phámar, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Thuas

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Thuas

Teachta Dála
15 Iúil 2015 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Thuas
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 15 Iúil 2015 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Thuas

Teachta Dála
11 Márta 2005 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Thuas

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincatherinemurphy.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: CathMurphyTD Cuir in eagar ar Wikidata
Róisín Shortall agus Catherine Murphy, 2018, bunaitheoirí na Daonlathach Sóisialta

Is as Léim an Bhradáin di. Iar-bhall de Dhaonlathas Clé agus de Pháirtí na nOibrithe í.

Bhíodh sí ina TD neamhspleách sa tréimhse 2005-2007, agus ó Feabhra 2011 go dtí 2015.

Bhí Murphy ina comhcheannaire, in éineacht le Róisín Shortall, ó mhí Iúil 2015 go dtí mí Feabhra 2023.

Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 23% de na vótaí céad rogha agus atoghadh í in 2020.

Ar an 2 Iúil 2024, d'fhógair Róisín Shorthall agus Catherine Murphy go raibh siad le n-éirí as an bpolaitíocht ag an gcéad olltoghchán eile. Chreid sí, a dúirt sí, gur féidir saol agus sochaí níos féaráilte bheith ann agus gur prionsabail an daonlathais shóisialta a lean sí i gcónaí chuige sin. Chreid sí chomh maith go láidir sa bpolaitíocht mar chumhacht chun tairbhe an phobail.[1][2]

Féach freisin

cuir in eagar