Troideadh Cath Tannenberg, ar a dtugtar freisin an Dara Cath Tannenberg, idir an Rúis agus an Ghearmáin, idir an 23 agus an 30 Lúnasa 1914, an chéad mhí den Chéad Chogadh Domhanda. Mar thoradh ar an gcath scrios beagnach leath de Dhara Arm na Rúise agus féinmharú a ghinearáil ceannais, Aleksándr Samsonov. Scrios sraith cathanna leantacha (An Chéad Chath de na Lochanna Masúirise) an chuid is mó den Chéad Arm.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Tannenberg
Íomhá
Map
 53° 29′ 45″ N, 20° 08′ 04″ E / 53.495833333333°N,20.134444444444°E / 53.495833333333; 20.134444444444
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dean Chéad Chogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 - 30 Lúnasa 1914
Dáta na bliana30 Lúnasa 1914 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhOlsztyn, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata

Tá suntas ar leith ag baint leis an gcath go háirithe maidir le gluaiseachtaí tapa iarnróid ag Ochtú Arm na na nGearmánach, a chuir ar a gcumas díriú i gcoinne gach ceann den dá arm Rúiseach ar a seal, ag cur moille ar an gCéad Arm ar dtús, agus ansin an Dara Arm a scriosadh roimh casadh arís ar an gCéad Arm lá ina dhiaidh sin. Is díol suntais é freisin teip na Rúisigh a gcuid teachtaireachtaí raidió a hionchódú, ag craoladh a gcuid orduithe máirseála laethúla go soiléir, rud a thug deis do na Gearmánaigh a ngluaiseachtaí a dhéanamh leis an muinín nach mbeadh siad taobh le taobh.

Thug an toradh, a bhí míorúilteach nach mór, gradam nach beag don Mharascal Machaire Paul von Hindenburg agus dá oifigeach foirne Erich Ludendorff a bhí gealladh faoi. Cé go raibh an cath ar siúl i ndáiríre in aice le hAllenstein (Olsztyn), d'ainmnigh Hindenburg é i ndiaidh Tannenberg, 30 km ar an taobh thiar, mar dhíoltas as treascairt na Ridirían Teotanach ag an gCéad Chath Tannenberg 500 bliain roimhe sin.

Bolscaireacht in 1915: Léiriú ar Mharascal Machaire von Hindenburg agus Ludendroff ag treorú Arm na Gearmáine
Bolscaireacht in 1915: Léiriú ar von Hindenburg ag treorú Arm na Gearmáine

Imeachtaí

cuir in eagar
 
Trúpaí Rúiseach ag dul chun tosaigh: Tacaíochtaí do na gardaí impiriúla á bhrostú isteach sa líne troda.

Bhí na Gearmánaigh faoi cheannas Paul von Hindenburg agus Erich Ludendorff,

B'iad Paul von Renninkampf agus Aleksándr Samsonov a bhí i gceannas ar na díormaí Rúiseacha, ach neamhinniúil amach is amach.

Thosaigh an cath timpeall 17/23 Lúnasa 1914, agus bhí bua iontach ag von Hindenburg agus Ludendorff roimh dheireadh na míosa, nuair a scoitheadh cliathán an namhad.

Timpeallaithe, chuir Samsonov lámh ina bhás féin ar an 30 Lúnasa. Gabhadh timpeall 90,000 Rúiseach. Bhí 30,000 eile maraithe nó ar iarraidh.[1]

Tharla an troid is mó in aice Allenstein (Olsztyn), 30 km ó Tannenberg, áit a cuireadh an ruaig ar na Ridirí Teotanacha sa bhliain 1410 (Cath Tannenberg nó Cath Grunwald). Ach bhaist von Hindenburg "Cath Tannenberg" ar a bhua chun gradam a tharraingt air féin agus ar a thír dúchais.

Tháinig von Hindenburg agus Ludendorff chun cinn mar bheirt cheannasach laistigh d’arm agus de pholaitíocht na Gearmáine.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "The Guns of August" (as en) (2024-08-16). Wikipedia. 
  2. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :0