Cath Allt a' Phuill Sheilich

cath in Albain in 1488

Troideadh Cath Allt a' Phuill Sheilich (Gàidhlig: Blàr Allt a' Phuill Sheilich) ar an 11 Meitheamh, sa bhliain 1488, ar thaobh an Ailt, sé sin, an sruth thart ar dhá mhíle ó dheas de Shruighlea na Alban. Bhí 30,000 saighdiúir in arm Shéamais III, rí na hAlban agus tuairim is 18,000 earcaithe ag easaontóirí, gurbh aicmí uaisle na hAlban iad, lena n-áirítear Alexander Home, an 1ú Tiarna Home, agus bhí siad faoi stiúir ainmniúil ag mac an Rí, sé sin an Prionsa Séamas, Diúc Bhaile Bhóid.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Allt a' Phuill Sheilich
Cineálcath
Dáta11 Meitheamh 1488
Comhordanáidí56° 04′ N, 3° 55′ O / 56.07°N,3.92°W / 56.07; -3.92
ÁitSruighlea
TírRíocht na hAlban