Caoimhín Ó hUiginn
Polaiteoir Éireannach ab ea Caoimhín Críostóir Ó hUiginn (as Béarla, Kevin Christopher O'Higgins; 7 Meitheamh 1892 - 10 Iúil 1927).
Éirí Amach na Cásca
cuir in eagarBhí sé meáite le troid in Éirí Amach na Cásca ach nuair a shroich sé imeall Bhaile Átha Cliath, bhí na bóithre dúnta. Agus b'éigean dó filleadh abhaile (ní raibh sé in ann siúl timpeall is cosúil).
Cogadh na Saoirse
cuir in eagarBhí an tUiginneach ina Aire Cúrsaí Inmheánacha sa chéad rialtas i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Throid sé i gCogadh na Saoirse.
Cogadh Chathartha
cuir in eagarI rith an Chogaidh Chathartha, Mar Aire Dlí agus Cirt, bhí sé de dhualgas air Poblachtánaigh a chur chun báis.[1] Bhí Ruairí Ó Conchúir ar dhuine acu siúd a básaíodh ar a chuid orduithe, cé go raibh sé ina vaidhtéir ag a bhainis. Shínigh O'Higgins an t-ordú chun é a chur chun báis.
Feallmharú
cuir in eagarFeallmharaíodh an tUiginneach féin sa bhliain 1927, nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón Aifreann. Ní bhfuarthas amach riamh cé a mharaigh é, ach glactar leis go coitianta gur Poblachtánaigh a bhí ann agus iad ag baint sásaimh as ar son an Chogaidh Chathartha.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Físeán le British Pathé : aifreann éagnairce Hales agus portráid Higgins. "The Late Brigadier Sean Hales" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2022-12-07.