Tuath de chuid na cónaidhme, Íochtar Chonnacht ba ea Cairbre Dhroim Chliabh (Meán-Ghaeilge Cairbre Drom Cliabh),[1] aitheanta fosta mar Chairbre na gCath. Caomhnaítear an t-ainm sa bharúntacht, Cairbre, Contae Shligigh. Bhí sí an ón 6ú haois ar a laghad go dtí an 16ú haois.

Léarscáil Íochtar Chonnacht

Saor-thuath a bhíodh ann faoi roinnt rítheaghlach le himeacht ama, ach go formhór faoi ghéag Uí Chonchúir darbh ainm Clann Aindriais nó Uí Conchobhair Shligigh,[2] de shliocht Bhriain Luínigh Uí Chonchúir (bás 1181), a bhí ina thiarnaí Shligigh go dtí lár na 17ú haoise.

Tíreolaíocht

cuir in eagar

In oirthuaisceart Chontae Shligigh mar atá inniu ann atá an tuath suite. Luíonn sí idir an cósta taobh thiar agus Sléibhte Dhartraí taobh thoir, agus idir an Drobhaois gar do Bun Dobhráin ó thuaidh agus An Abhainn Mhór ag Baile Easa Dara ó dheas. Faightear ann Binn Ghulbain, Cnoc na Riabh agus Loch Gile.

Ó thaobh ceantar de, tá ann Cálraí, Loch Gile, Magh Cetne, Bréachmhaigh (Sligeach),[3] Machaire Eabha,[4] Cúil Iorra agus cuid de Dhartraí. Bhíodh méid níos mó aici roimh an dóú haois déag.

Córas rialtais

cuir in eagar

Rialaítí an tuath ag Rí tuaithe agus oireachtas saoruaisle, tofa faoin chóras dlí Gaelach, an Féineachas. Eagraíodh í ina paróistí agus bailte fearainn ón 12ú haois ar aghaidh.

Ainmníodh an tuath as Cairbre mac Néill, an tríú mac le of Niall Naoighiallach. Deir Tíreachán ina bheatha Naomh Pádraig gur chuir an naomh mhallacht ar Chairbre ag Cnoc na Teamhrach, nára ndearna Ard-Ríthe na hÉireann dá mhuintir. Sna luath-théacsanna nasctha le Tailte agus Gránard atá sé.

Ní fheictear Cairbre sna hardrí-liostaí níos deireanaí, ach tá sé ann fós sa cheann is luaite, Baile Chuinn Chétchathaig. Ní dhearnadh Ardrí dá mhuintir ach a gharmhac, Tuathal Maolgharbh. I measc taoiseach Chineál Chairbre, bhí clann Uí Mhaolchloiche.

Sa bhliain 561, tharla Cath Cúl Dreimhne, baile fearainn gar do Dhroim Chliabh.

Sa bhliain 575, bhunaigh Naomh Colm Cille mainistir Dhroim Chliabh.

I dtosach, bhí achar mór faoi smacht mhuintir Chairbre, ar a glaodh Cairbre Mór, a shíneadh ó Shligeach go hIarmhí, i dteannta le Liatroim agus codanna d'Fhear Manach (amhail is Tuatha RathaAn Machaire Buí) agus Longfort (Tuaisceart Tethbae). Scaradh é agus of the Bréifne faoi chúram Uí Bhriúin ag leathadh, m.s. Tigernán Ua Ruairc. Lonnaigh an chlann deisceartach, aitheanta mar Chairbre Ghabhra, i nGránard i gContae an Longfoirt. Lonnaigh géag den chlann seo, aitheanta mar Uí Cairpri Laigen i gCairbre, Contae Chill Dara.

Chuir Conall Gulbain féin chun bóthair as Cairbre, ag triall ar Thír Chonaill a chloí. Bhíodh dlúthghaol polaitiúil idir Cairbre Drom Cliabh agus Cineál Chonaill, ach lean tionchar taoisigh Bhréifne agus chuireadar roinnt ríthe orthu:

Annála Tiarnaigh, AT 1029.2:

Mortlaidh mór a n-Ínis Laindi a Cairpri Moir, dú an ro loiscthea .xl. do daínib do mathaib Cairpre & Aedh h-Ua Ruairc rí Cairpre & airchíndeach Droma Cliab.
Maraíodh na sluaite ar Inis Lainne i gCairbre Mór, áit a loisceadh daichead duine d'uaisle Chairbre, agus Aodh Ó Ruairc, rí Chairbre agus uachtarán Dhroim Chliabh.

Sa bhliain 1051, chuaigh Cathal mac Tighearnáin, tiarna Bhréifne, ar feachtas in éadan Eabha, agus scartáil sé Dún Féich, áit a maraíodh caoga duine fifty, agus gabhadh seacht gcéad bó were carried off.

Tháinig Brian Luíneach Ó Conchúir i gceannas ar Chairbre le linn tréimhse míshocrachta i ndiaidh ionradh na Normannach. Mharaigh Cineál Chonaill é agus a dheartháir,Maghnus ag Magh Diughbha sa bhliain 1181.

Ré na Normannach

cuir in eagar

Bronnadh Cairbre ar Philip de Angelo (Mac Coisdealbhaigh), deartháir le Gilbert de Angelo, ag Cathal Crobhdhearg, rí Chonnacht, a bhí ann lorg cabhrach míleata in éadan a naimhde san Ulaidh. Throid Gilbert agus a dheartháireacha ar son an rí in éadan Chineál Chonaill, ach maraíodh Gilbert Béal Átha Seanaidh sa bhliain 1213.

ACM 1214.7:

Creach criche Cairpre do dhenamh la h-Ualgarcc Ua Ruairc ar Philip Mac Goisdelbhaigh co rucc bú iomdha lais.
Creach ar chríocha Chairbre a dhéanamh ag Ualgarg Ó Ruairc ar Philip Mac Coisdelbhaigh, a rug iomaí bó leis.

Tar éis do Richard Mór de Burgh ionradh a dhéanamh ar na Comhachta sna 1230í, bronnadh tailte ar Maurice FitzGerald, 2a Tiarna Uíbh Fhailí agus bhunaigh sé Baile Sligigh. Bhí sé chun cinn in éadan Tír Chonaill agus Tír Eoghan go dtí gur éag sé i gCath Chreadrán Cille ag An Ros sa bhliain 1257.

AU 1257.2(col. 1): ... d'ínnsoighidh Shligigh & do comraic re Gallaibh in bhaile & tuc maidm forro ag Credran Cille, i r-Ros Cheide, i Crich Cairbri.

Tharla gur thit clann Fitzgerald amach le clann de Burghs agus baineadh díobh a gcuid tailte sna Connachta. Agus an colony Normannach i léig, agus i ndiaidh cogadh cathartha de Burgh, tháinig Clann Aindriais chun cinn agus bhunaigh siad Tiarnas Íochtar Chonnacht ina lárionad, Caisleán Chonchúir i bhFassacoille, Bradcullen anois, i mBaile fearainn An Urláir.

Mhair géaga Chineál Cairbre fós, Uí Mhaolchloiche) as Cairbre féin agus Uí Fhlannagáin as Tuatha Ratha, sa bharúntacht, An Machaire Buí, Fear Manach.

I mí Mheán Fómhair 1588, chuaigh trí long d'Armáid na Spáinne go tóin poill amach ó chósta Chairbre ag trá na Srithidí. Rinne an t-oifigeach Spáinneach, Francisco de Cuellar, cur síos ar a eachtraí in Éirinn..[5][6]

Tagairtí sna hannála

cuir in eagar
Cath Sligighe, in quo cecidit Eoghan Bel, rí Condacht, la Fergus & la Domnall, da mac Muirchertaigh maic Earca, & la h-Ainmire mac Setna & la Naindidh mac Duach, qui uictores erant.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Sligo, Ireland". Sligo, Ireland. Dáta rochtana: 2014-04-26.
  2. "History, Heritage, Folklore, and News from County Sligo, Ireland". Sligoheritage.com. Dáta rochtana: 2014-04-26.
  3. Bréachmhaigh, Sligeach, logainm.ie
  4. Machaire Eabha, logainm.ie
  5. "The Project Gutenberg eBook of Captain Cuellar's Aventures in Connacht and Ulster, by Hugh Allingham". www.gutenberg.org. Dáta rochtana: 2022-09-22.
  6. "Captain Cuellar's Adventures in Connacht and Ulster". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-22.