Is cruidíní crainn talún iad na cúcabarraí ar baill den fhine Alcedinidae agus den ghéineas Dacelo iad. Tá an cruidín seo de bhunadh na hAstráile agus na Nua-Ghuine agus bíonn siad idir 28 agus 47 cm (11 agus 19 orlach) i bhfad le meáchan thart faoi 300 g (11 unsa). Is focal iasachta é ainm an éin seo ón Wiradjuri guuguubarra ar onamataipé dá ghlao í. Úsáidtear glao gáiriteach an éin seo atá ard agus sainiúil go forleathan mar mhaisíocht fuaime stoc i gcás a mbíonn díthreabh na hAstráile nó dufair thrópaiceach á cur i láthair agus is forleithne atá sí i seanscannán amhail The Lost World: Jurassic Park agus The Wizard of Oz[1].

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCúcabarra
Dacelo Cuir in eagar ar Wikidata

Cúcabarra gáiriteach Cuir in eagar ar Wikidata  
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais300 g Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCoraciiformes
FineAlcedinidae
GéineasDacelo Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1815
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Aimsítear an cruidín seo i ngnáthóga amhail foraoisí taise agus sabhána tur chomh maith le háiteanna uirbeacha le crainnte arda nó in aice le huisce reatha. Cé gur baill den fhine níos forleithne "cruidíní" iad, ní bhaineann na cúcabarraí go dlúth le huisce[2].

Tacsanomaíocht

cuir in eagar

Thug an zó-eolaí Sasanach William Elford Leach an géineas Dacelo isteach sa bhliain 1815[3]. Is é an cúcabarra gáiriteach eiseamlár an speicis seo[4]. Is anagram é ainm an ghéinis Dacelo de alcedo arb é an focal Laidine ar an chruidín[5]. Fuair staidéar móilíneach a foilsíodh sa bhliain 2017 amach go raibh an géineas Dacelo, mar a leagadh amach, paraifiliginiteach. Rinneadh an cúcabarra sluasaid-ghobach a rangú sa ghéineas monaichineálach Clytoceyx sula rinneadh é a athrangú sa ghéineas Dacelo mar gheall ar fhianaise paraifíliginiteach[6].

Fíligineacht
Dacelo

Cúcabarra breac

Cúcabarra sluasaidghobach

Cúcabarra tarr-ruadhonn

Cúcabarra gáiriteach

Cúcabarra gormeiteach

Rangú agus Speicis

cuir in eagar

Féadfar cúig speiceas cúcabarra a aimsiú san Astráil, sa Nua-Ghuine agus sna hOileáin Arúacha:

Is iomaitheoirí díreacha iad na speicis gháiriteacha agus ghormeiteacha sna háiteanna a fhorluíonn a raonta gnáthaithe, rud nach bhfuil coitianta i measc speicis gharghaolta[12]. Tugann sé seo le fios gur in iargúltacht a d'éabhlóidigh an dá speicis seo, b'fhéidir le linn tréimhse a raibh an Astráil agus an Nua-Ghuine níos faide amach óna chéile.

Glaonn muintir na Kamilaroi/Gamilaraay agus na Wiradjuri ”guuguubarra” ar an chúcabarra gháiriteach. Is de bhunadh mórthír na hAstráile Thoir é [13].

Tá cúcabarraí démhorfach ó thaobh a ngnéasanna de. Is furasta é seo a fheiceáil sna speicis ghormeiteacha agus tarr-ruadhonna toisc eireabaill ghorma a bheith ar fhireannigh agus eireabaill ruadhonna a bheith ar bhaineannigh.

 
Grianghraf gar-amhairc de chúcabarra in Sydney na hAstráile

Ainmhithe feoiliteacha iad na cúcabarraí go príomha a itheann lucha, nathracha, feithidí, reiptílí beaga agus óga éan eile. Murab ionann is cruidíní eile, ní minic a itheann cúcabarraí éisc, cé go dtógfaidh siad éisc órga ó locháin ghairdín má bhíonn an deis acu. Beathaítear le bia atá oiriúnach d'éin chreiche i ngairdíní ainmhithe iad.

Cé go nglacfadh formhór éan le dáileacháin bia ó láimh agus go dtógfaidís feoil ó fhulachtaí, ní mholtar iad a bheathú le mairteoil mhionaithe nó le bia peata toisc nach bhfuil a ndóthain cailciamgairbhseach iontu[14].

Nósanna Seilge

cuir in eagar

Is minic a fheictear cúcabarraí ar feitheamh dá gcreacha ar línte tarchuir leictreachais agus ar ghéaga ísle crainnte. Tumamn siad síos nuair a fheiceann siad a gcuid creiche agus beireann siad greim air lena ngoba láidre. Má tá an chreach beag go leor íosfar ina iomlán í, ach mura bhfuil, buaileann an cúcabarra í in aghaidh crann nó na talún chun í a bhogadh ar mhaithe le hithe níos éasca[15].

Tá siad cosantach faoina bhfearann, seachas an cúcabarra tarr-ruadhonn a bhíonn cónaí orthu lena n-óga ón aimsir díreach caite[16]. Marcálann siad a bhfearann go minic trí chasadh a gceiliúir.

Cuimsíonn réim bia na gcúcabarraí laghairteanna, nathracha nimhe, froganna, creimirí, ciaróga, péisteanna, feithidí agus mamaigh bheaga eile.

Tá cónaí orthu i gcoillte scléirifillí agus i bhforaoisí oscailte, i ngach mór aon áit le crainnte atá mór go leor chun neadacha a thógáil agus áiteanna creiche oscailte. Tá líon na gcúcabarraí g dul in éag de dheasca creachadóirí, easpa creiche agus na timpeallachta.

Caomhantas

cuir in eagar

Liostaítear chuile speicis cúcabarra mar speicis is lú imní. Cosnaíonn dlí na hAstráile éin dhúchasacha na hAstráile, na cúcabarraí ina measc[17].

Sa Chultúr Choiteann

cuir in eagar
 
An Cúcabarra Breac

Tá fuaim shainiúil an chúcabarra gháiritigh an-chosúil le gáire an duine daonna agus baintear úsáid fhorleathan aisti in léiriúcháin scannánaíochta agus teilifíse agus in marcaíochtaí áirithe i bpáirc shiamsaíochta théama Disney, beag beann ar shuíomhanna na ndufairí san Afraic, san Áise nó i Meiriceá Theas. Tá cúcabarraí le feiceáil in roinnt cluichí ríomhaire amhail Lineage II, Battletoads agus World of Warcraft. Tá carachtar Astrálach le feiceáil sa tsraith theilifíse Splatalot! darb ainm "Kookaburra" a bhfuil feisteas le sciatháin mhaisiúla amhail clúmh an éin agus gáire ardairde sainiúil air. Ceann den trí shonóg a roghnaíodh do Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2000 in Sydney ab ea 'Olly an Cúcabarra'. Ba iad 'Millie an tEicidneach' agus 'Syd an Platapas' an dá shonóg eile. Baineadh úsáid as ceiliúr an chúabarra darb leasainm "Jacko" mar théama oscailte stáisiúin Raidió ABC agus craoltaí thar lear Raidió na hAstráile.[18]

  • Téama oscailte Raidió ABC ab ea bunadh an leabhair do pháistí le Brooke Nicholls dar teideal Jacko, the Broadcasting Kookaburra - His Life and Adventures.[18][19]
  • Tá ról lárnach ag an chúcabarra gháiriteach i bplota leabhair 1969 William Arden The Mystery of the Laughing Shadow (ceann de thrí leabhar na sraithe 'Three Investigators' do léitheoirí óga).[20]
  • Sa ghearrscéal Nowhere to Go le Barry Woods.
 
Trí chúcabarra óga tar éis a dteacht amach
 
Cúcabarra Gormeiteach fireann
  • Is amhrán do pháistí aitheanta a scríobhadh sa bhliain 1932 le Marion Sinclair é "Kookaburra [sits in the old gum tree]".
  • Eisíodh "Kookaburra" leis an chúpla Cocteau ar a gceirnín leathfhada 1985 Aikea-Guinea.
  • Tá "Kookaburra" le John Vanderslice ar a albam 2007 Emerald City.
  • Is as Contae Durham don bhanna ceoil Sasanach 'The Kookaburras'.
  • Tá na liricí "... the Laughing Kookaburras call ..." le cloisteáil san amhrán "Across the Hills of Home" ar an albam Something of Value le hEric Bogle.
  • Tá an seoladh Kookaburra, an Astráil ag BFD Records agus BFD Productions, arb iad dáileoirí agus/nó sealbhóirí cóipchirt den chuid is mó d'albaim dhíolama rac-gharáiste agus rac-shícedeileacha sa tsraith Pebbles.
  • Tá na liricí "Well the kookaburra laughed ..." le fáil san amhrán "Old Man Emu" le John Williamson.
  • Tá glao an chúcabarra le fáil sna hamhráin "Doom City" ón albam Flying Microtonal Banana agus "All is Known" ón albam Gumboot Soup leis an bhanna cheoil Astrálach King Gizzard and the Lizard Wizard a eisíodh sa bhliain 2017.
 
Stampa a d'eisigh Fórsa Forghabhála an Chomhlathais Bhriotanaigh den chéad uair sa bhliain 1946
  • Eisíodh stampa leathphingine sa bhliain 1914.
  • Eisíodh stampa cómórtha Astrálach don Taispeántas Stampshanais Idirnáisiúnta 1928 in Melbourne.
  • Eisíodh stampa leathphingine sa bhliain 1932.
  • Tá péire cúcabarra le feiceáil ar stampa Astrálach 38¢ a eisíodh sa bhliain 1990.[24]
  • Eisíodh stampa idirnáisiúnta Astrálach $1.70 le cúcabarra maisithe sa bhliain 2013.
  • Eisíodh stampa $1.10 de chúcabarra gáiriteach sa bhliain 2020.
 
Taobh cúil an bhoinn phrofa Cúcabarra rilíf ard dhá unsa a bhuail Mionta Perth.

Úsáid thar spóirt

cuir in eagar
  1. "Single or Married: Foley Used Independently or Combined with Sound Effects" (2013-07-24). The Foley Grail: 37–42. Routledge. 
  2. Roy John (2004-10-01). ""Birds of Australia 7th edition" by Ken Simpson and Nicolas Day. 2004. [book review]". The Canadian Field-Naturalist 118 (4): 630. doi:10.22621/cfn.v118i4.841. ISSN 0008-3550. 
  3. William Elford Leach, Frederick Polydore Nodder, Richard Polydore Nodder, George Shaw (1814). "The zoological miscellany : being descriptions of new, or interesting animals". London: Printed by B. McMillan for E. Nodder & Son and sold by all booksellers. 
  4. Alden H. Miller (1946-01-04). "[http://dx.doi.org/10.1126/science.103.2662.32.a Check-List of Birds of the World . (Vol. 5.) James Lee Peters. Cambridge, Mass.: Harvard Univ. Press, 1945. Pp. xi + 306. $5.00.]". Science 103 (2662): 32–32. doi:10.1126/science.103.2662.32.a. ISSN 0036-8075. 
  5. James A. Jobling (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names: From Aalge to Zusii". London: Christopher Helm. 
  6. Michael J. Andersen, Jenna M. McCullough, William M. Mauck, Brian Tilston Smith, Robert G. Moyle (2018-02). "A phylogeny of kingfishers reveals an Indomalayan origin and elevated rates of diversification on oceanic islands" (as en). Journal of Biogeography 45 (2): 269–281. doi:10.1111/jbi.13139. ISSN 0305-0270. 
  7. ""cúcabarra sluasaidghobach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  8. ""Cúcabarra Breac"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  9. ""cúcabarra tarr-ruadhonn"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-01-14.
  10. ""cúcabarra gáiriteach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  11. ""cúcabarra gormeiteach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-01-14.
  12. R.W. DUNN (2007-12-18). "Breeding and hand-rearing the Blue-winged kookaburra at the Royal Melbourne Zoo". International Zoo Yearbook 23 (1): 181–183. doi:10.1111/j.1748-1090.1984.tb03028.x. ISSN 0074-9664. 
  13. Diana Kuchinke (2024-04-17). "Why the kookaburra’s iconic laugh is at risk of being silenced" (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-07-07.
  14. Jennie Smith (2015-06). "Health Data Breaches Compromised 29 Million Patient Records in 2010–2013". Caring for the Ages 16 (6): 6. doi:10.1016/j.carage.2015.05.008. ISSN 1526-4114. 
  15. "Our Wildlife Factsheet - Laughing Kookaburra". Rialtas Victoria. Dáta rochtana: 7ú Mí Iúil 2024.
  16. Legge, Sarah (2004). "Kookaburra: King of the Bush". Kookaburra: King of the Bush. CSIRO Pub., Collingwood, Victoria. OCLC 223994691. 
  17. "Programas de seguimiento y grupos de trabajo de SEO/BirdLife 2022" (2023). Programas de seguimiento y grupos de trabajo de SEO/BirdLife 2022. doi:10.31170/0096. 
  18. 18.0 18.1 Jerry Berg. "Jacko, the Broadcasting Kookaburra". www.ontheshortwaves.com. Dáta rochtana: 2023-02-07.
  19. Nicholls, Brooke (1933). "Jacko, the Broadcasting Kookaburra — His Life and Adventures". Angus & Robertson. 
  20. Arden, William (1969). "The Mystery of the Laughing Shadow". New York: Random House.  lgh. 164–166. ISBN 9780394914923.
  21. Melissa (2013-08-27). "Of Tarzan and Kookaburras". The Sound and the Foley. Dáta rochtana 2023-02-07.
  22. Melissa (2013-05-30). "That Jungle Sound". The Sound and the Foley. Dáta rochtana 2023-02-07.
  23. Arthur, Nicole (2003-01-31). "Day of the Dolphin". Washington Post. ISSN 0190-8286. Dáta rochtana 2023-02-07.
  24. "[http://www.birdtheme.org/country/austral.html Birds on stamps: Australia Australi� Australie]". www.birdtheme.org. Dáta rochtana: 2023-12-13.
  25. Silver Bullion World. "Cúcabarra Astrálach(Bonn airgid)". Dáta rochtana: 13-11-13.
  26. "Maritime Topics On Stamps, America Cup, Sailing". web.archive.org (2008-06-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-06-08. Dáta rochtana: 2023-12-13.
  27. "Kookaburras (men)". web.archive.org (2014-06-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-26. Dáta rochtana: 2023-12-13.

Leabharliosta

cuir in eagar

Brooke Nicholls; Dorothy Wall (illus.) (1933). Jacko, the Broadcasting Kookaburra — His Life and Adventures. Sydney: Angus & Robertson.

Léitheoireacht Bhreise

cuir in eagar

Nascanna Seachtracha

cuir in eagar