Ciarán Mac Donnchaidh

cispheileadóir Éireannach
(Athsheolta ó Cíarán Mac Donnchaidh)

Is peileadóir é Ciarán Mac Donnchaidh. (Béarla: Kieran Donaghy) Rugadh ar an 1ú Márta 1983 i gContae Chiarraí é. D'imir sé le foireann Peil Ghaelach Chiarraí ó 2004-2018. Is é Aibhistín de Staic a chlub áitiúil i dTrá Lí. Bhuaigh Ciarán Mac Donnchaidh ceithre bhuinn Craobh Peile Sinsearach Uile-Éireann, ocht gCraobhchomórtais Mumhan agus trí theideal Náisiúnta Sraith le Ciarraí. Fuair sé trí Gradaim Réaltaí freisin.

Infotaula de personaCiarán Mac Donnchaidh

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Márta 1983
41 bliana d'aois
An Ómaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSt Mary's CBS (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, cispheileadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtcispheil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Foireann Sinsir Peile Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Teaghlaigh

cuir in eagar

B'as Tír Eoghain dá athair agus as Trá Lí dá mháthair. Bhí caidreamh achrannach aige lena athair. Scar a thuismitheoirí nuair a bhí sé óg. Ba altra san ospidéal áitiúil í a mháthair.

In Eanáir 2013, Phós sé a chailín fadtéarmach Hilary Stephenson i gCoireán, Contae Chiarraí. Déag a sheanmháthair sa bhliain 2015 duine a bhí mar mháthair eile air.

Luathshaol

cuir in eagar

Cheannaigh a athair capall ar a dtugtar Palo. Bhí suim ag Ciarán agus a athair sna capaill. Bhí a dhaid tugtha don ghealltóireacht ar na capaill. Dhíol a athair Oliver a chapall chun fiacha cearrbhachais a ghlanadh.

Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, d'fhuadaigh a athair é agus a mháthair ar obair san ospidéal agus thóg sé ar siúl é go Tír Eoghain. Thug na gardaí ar ais go Ciarraí é.

Thugadh a athair cuairt ar Chiarán agus ar a dheirfiúr agus a dheartháir chuile Shatharn. D'fhill a athair ar Thír Eoghan agus Ciarán in aois a sé bliana déag.

Bhí post aige i dtús i Supermacs.

Saol Pearsanta

cuir in eagar

Tá sé ag streachailt le disléicse I rith a shaol ar fad. B'shin an chúis gur fhág sé a phost sa bhanc.

Gairme Spóirt

cuir in eagar

Ar dtús, d'imir Ciarán do na mhionaoisigh Chiarraí agus tar éis sin d'imir sé le Ciarraí faoi 21.