Cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn de chuid na hEaglaise Caitlicí

Le linn an 20ú haois, tharla cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn i roinnt mhaith scoileanna a bhí á riar ag oird rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí. Thar na mblianta, bunaíodh Coimisiúin imscrúdúcháin agus Fiosrúcháin maidir leis an mhí-úsáid a líomhnaítear a tharla.

Agóid sna Stáit Aontaithe, 2018

Fiosrúchán Scóipe ar Mhí-úsáid Gnéis i Scoileanna Lae agus Cónaí na nOrd Eaglasta, 2024

cuir in eagar

D'fhoilsigh Rialtas na hÉireann tuarascáil chuimsitheach ar an 3 Meán Fómhair 2024, an " Fiosrúchán Scóipe" ("Scoping Inquiry") de chuid Mary O'Toole, SC.[1][2][3] Tháinig sé chun solais sa tuarascáil gur déanadh 2,395 líomhain de mhí-úsáid gnéis stairiúil, fir den chuid is mó, i dtaca le 308 scoil in Éirinn. Tharla an mhí-úsáid seo i roinnt mhaith scoileanna Chaitliceacha idir luath sna 1960ídí agus luath sna 1990ídí, ach tharla an líon ba mhó eachtraí sna seachtóidí.[4]

Déanadh líomhaintí maidir le 884 duine, daoine a líomhnaítear a rinne mí-úsáid. Bhí os cionn leath don 884 duine sin, a raibh líomhaintí curtha ina leith, imithe ar shlí na fírinne in 2024. Bhí 80 scoil in 22 contae, á riar ag 24 ord rialta, ainmnithe sa tuarascáil.

Déanadh líon ard líomhaintí i scoileanna speisialta. Bhí 590 líomhain déanta i dtaca le 190 duine a líomhnaítear a rinne mí-úsáid gnéis ar dhaltaí i 17 scoil speisialta.[4]

Deirtear sa tuarascáil gur dóigh go bhféadfadh líon na n-eachtraí mí-úsáid ghnéis a bheith i bhfad níos airde ná mar a thugtar le fios sa tuarascáil mar gur minic drogall a bheith ar dhaoine mí-úsáid a thuairisciú.

Dúirt go leor daoine gur rinneadh dochar uafásach dá dtuiscint orthu féin agus dá n-áit sa saol. Bhraith go leor nach raibh aithne acu orthu féin ná cion acu orthu féin de dheasca na mí-úsáide nuair a bhí siad óg.[5]

Cuir ina cheart agus cúiteamh

cuir in eagar

Thar na mblianta, bunaíodh Coimisiúin imscrúdúcháin agus Fiosrúcháin maidir leis an mhí-úsáid a líomhnaítear a tharla i roinnt mhaith scoileanna a bhí á riar ag oird rialta.

I mí Mheán Fómhair 2024, bhí sé aontaithe ag an gcomh-aireacht go mbunófar fiosrúchán reachtúil maidir leis na cásanna de mhí-úsáid gnéis a líomhnaítear a tharla ag roinnt mhaith scoileanna Chaitliceacha.[4] Ach níl sé ráite fós ag an Roinn Oideachais go gcuirfear gnáth scoileanna Stáit agus deoise san áireamh i dtéarmaí tagartha an Choimisiúin. B'fhéidir go bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir fulaingt páistí i scoileanna na n-ord eaglasta agus páistí i scoileanna náisiúnta agus deoise a raibh oird eaglasta i mbun an teagaisc iontu.[6]

Gheall an Rialtas go mbunófaí scéim chúitimh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid i scoileanna a bhfuil oird rialta ina mbun. Moltar go rachadh an Rialtas i mbun cainte le hoird rialta faoi airgead a thabhairt do scéim chúitimh.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. gov.ie / Mary O’Toole, SC (3 Meán Fómhair 2024 (foilsithe go poiblí)). "Report of the Scoping Inquiry into Historical Sexual Abuse in Day and Boarding Schools Run by Religious Orders". Dáta rochtana: 4 Meán Fómhair 2024.
  2. D'eascair an Fiosrúchán Scóipe a fógraíodh i Márta 2023 as an chlár faisnéise raidió 'Blackrock Boys' a rinne RTÉ leis na deartháireacha David agus Mark Ryan, a ndearna sagairt ó Ord an Spioraid Naoimh mí-úsáid ghnéis orthu i gColáiste na Carraige Duibhe agus roimhe sin i mbunscoil Pháirc na Sailí san am a caitheadh.
  3. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-07-24). "Tuarascáil le tabhairt do na marthanóirí ar dtús - an tAire Foley" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-09-03). "2,395 líomhain de mhí-úsáid gnéis déanta i dtaca le 308 scoil" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 "Eolas i dtuarascáil nua faoi 2,395 líomhain maidir le mí-úsáid ghnéis i 308 scoil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-03). Dáta rochtana: 2024-09-04.
  6. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-05). ""Cuirtear scoileanna Stáit san áireamh sa Choimisiún Fiosraithe!"" (as ga-IE).