Cáisc na nGiúdach
Is féile Ghiúdach í Cáisc na nGiúdach (Eabhrais פֶּסַח, pésach, «dul thart»). Cuimhnítear ar scéal Mhaois agus an tÉalú ón Éigipt (féach ar Eacsadas) [1]
Lipéad sa teanga dhúchais | (he) פסח ![]() |
---|---|
Cineál | Three Pilgrimage Festivals (en) ![]() lá saoire ![]() |
Comóireann sé | An Eacsadas ![]() |
Lá | 15 Nisan (en) ![]() 16 Nisan (en) ![]() 17 Nisan (en) ![]() 18 Nisan (en) ![]() 19 Nisan (en) ![]() 20 Nisan (en) ![]() 21 Nisan (en) ![]() 22 Nisan (en) ![]() ![]() |
Fad ama | 7 d, 8 d agus 7 d ![]() |
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/f/fb/Illustration-pesach-lamb.jpg/220px-Illustration-pesach-lamb.jpg)
Imeacht na nIosraelach - An Scéal
cuir in eagarThug an Faró cead do na hEabhraigh an Éigipt a fhágáíl. Tháinig malairt aigne air, áfach, agus chuaigh sé féin agus a shaighdiúirí sa tóir orthu.
Shroicheadar ‘’Yam Suph’’ (meastar anois gur Muir na nGiolcach seachas an Mhuir Rua a bhí i gceist leis seo). Shín Maois a lámh os cionn na n-uiscí agus thiomáin Dia an fharraige ar ais le gaoth láidir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim de. Dheighil na huiscí óna chéile, agus ar aghaidh le clann Iosrael isteach i lár na n-uiscí.
Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu. Ba dheacair dóibh dul chun cinn ina gcarbaid agus bádh iad nuair a d’fhill na huiscí ar ais anuas orthu, ach tháinig na hIosraelaigh slán.