Is speiceas de phlanda leigheasach é Butea monosperma (ar a dtugtar Butea frondosa freisin) a bhaineann leis an fhine Fabaceae agus atá dúchasach don Áise Theas trópaiceach, an Phacastáin, an India, an Bhanglaidéis, Neipeal, Srí Lanca, Maenmar, an Téalainn, Laos, an Chambóid, Vítneam, an Mhalaeisia, agus iarthar na hIndinéise.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoButea monosperma Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN62485 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
GéineasButea
SpeiceasButea monosperma Cuir in eagar ar Wikidata
Taub.
Ainmníocht
BasainmErythrina monosperma Cuir in eagar ar Wikidata
Bláth i Kolkata, Beangál Thiar, An India.

Is crann duillsilteach meánmhéide é, a shroicheann 15 m ar airde. Tá na duilleoga duillíneach, le peitín 8-16 cm agus trí dhuillín, gach ceann acu 10-20 cm ar fad. Tá na bláthanna 2.5 cm ar fad, flannbhuí-dearg, agus tháirgtear iad i ncrobhaingí suas le 15 cm ar fad. Faighneog is ea an toradh 15-20 cm ar fad agus 4-5 cm ar leithead.[1]

 
Radharc ar an bplanda.

Úsáidtear é le haghaidh adhmaid, roisín, fodar, cógas agus ruaimeanna. Táirgeann an crann gumroisín, ar a dtugtar kamarkas i Hiondúis, a úsáidtear i miasa áirithe. Tugtar Bengala Kino ar an ngumroisín, agus measann cógaiseoirí go bhfuil sé luachmhar, mar gheall ar a airíonna crapthacha, agus as a úsáid i súdaireacht leathair, mar gheall ar a thainnin.[2]

  1. Huxley, A., ed. (1992). New RHS Dictionary of Gardening. Macmillan ISBN 0-333-47494-5.
  2. Cowen (1984). "Flowering Trees and Shrubs in India, Sixth Edition". Bombay: THACKER and Co. Ltd..