Bun na Dubh-Abhainn

áit lonnaithe in Albain

Is sráidbhaile in iarthar na hAlban é Bun na Dubh-Abhainn[1] (Béarla: Blackwaterfoot). Tá sé suite i nGleann Sheagann in iardheisceart Eilean Arainn, sa Chaolas Chluaidh, Comhairle Shiorrachd Áir a Tuath. Is iad na comhordanáidí aige ná 55° 30′ 0″ Thuaidh agus 5° 20′ 0″ Thiar.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBun na Dubh-Abhainn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55° 30′ 07″ N, 5° 19′ 54″ O / 55.502005°N,5.331602°W / 55.502005; -5.331602
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle Siorrachd Àir a Tuath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceBlack Water (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Tá ceann den dá chúrsa gailf 12 pholl san Eoraip ann. In aice leis an bhaile, tá Rubha a' Bharra (nó Rubha an Dùin) (Béarla: Drumadoon Point) a bhfuil sean-dúnfort ann ón Iarannaois, mar atá, Linn an Iarainn. Beagán níos faide ó thuaidh tá Uamh an Rìgh, áit ar chaith Roibeard Brús tamall i bhfolach, a deirtear.

  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-07-12.