Tabhairt na cíche do naíonán ar feadh tréimhse tar éis a bhreithe is ea beathú cíche, cothú cíchecothú ar an gcíoch.[1][2]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtBeathú cíche
Aitheantóirí
MeSHD001942
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch

Molann an Roinn Sláinte agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte cothú cíche amháin don chéad sé mhí den leanbh a bheith beo, tréimhse ina gcuireann bainne cíche an cothú ar fad a bhíonn ag teastáil ó leanbh ar fáil dóibh. (Ach níl sé sin ró-éasca... mar shampla, tógann tál an bhainne (lachtadh) suas le 3 lá i ndiaidh na breithe le bheith bunaithe i gceart). Ina diaidh sin, moltar meascán de bhia ilchothaitheach a thabhairt don leanbh, chomh maith le bainne cíche go dtí go sroicheann an leanbh dhá bhliain d’aois nó níos sine, nuair a imíonn an páiste uaidh go nádúrtha de ghnáth.[3]

Cothú cíche (Renesse Satyr : "At the peasant's house")
Postaer sna Stáit Aontaithe, 1938... teachtaireacht eile in Éirinn sna 1950-60idí
Fógraíocht sna Stáit Aontaithe,... sa bhliain 1890

Buntáistí

cuir in eagar

Meastar gur buntáiste iontach é cothú cíche don naíonán.[4] Aistrítear antasubstaintí na máthar don naíonán sa bhainne, agus cabhraíonn siad seo le bac a chur ar ionfhabhtuithe.[5]

Is eol go bhfaigheann naíonán a chothaítear ar bhainne cíche ar feadh leathbhliana buntáiste suntasach ar naíonán a chothaítear le buidéal le hullmhóidí cumarsáideacha. Is mó bainne a bhíonn ag an mháthair san oíche agus laghdaíonn an cothú san oíche a riosca a bhaineann le bás tobann naíonán.[6]

Mar sin, i dtíortha forbartha go háirithe, tá an codán máithreacha a thugann an chíoch dá naíonáin ag méadú ó na 1960idí.[7] Ach fanann bacainní go leor. Orthu siúd, dar le UNICEF, tá

  • 1. Noirm shóisialta nach molann cothú cíche fadtéarmach
  • 2. Míthuiscint fhorleathan gur féidir bainne cíche a ionadú le bainne foirmle gan dochar
  • 3. Easpa tacaíochta iarbhreithne agus tacaíocht mhaith do mhná chun tús maith a chur leis
  • 4. Gnólachtaí móra bainne cíche a dhéanann an cothú le buidéal a normalú agus a bhaineann an bonn den chothú cíche.[6]

Tá bainne cíche forbartha thar na cianta; tá an méid ceart próitéine, carbaihiodráite, vitimíní, mianraí agus rudaí eile ann nach dtiocfadh le bainne a cruthaíodh i lab éigin le 30 bliain anuas a bheith ar aon chaighdeán leis. Dé réir mar a théann an leanbh in aois, athraíonn an bainne agus cuireann sé cothú éagsúil ar fáil don pháiste atá ag teacht leis na rudaí atá teastáil ag an staid áirithe sin i saol an pháiste.[3]

Cothú cíche in Éirinn

cuir in eagar

De réir taighde sa bhliain 2023, tosaíonn 63% de na máithreacha in Éirinn ar an chothú cíche san otharlann,[8] ach taobh istigh de 6 mhí ní bhíonn ach 15% de na leanaí ar an bhainne cíche amháin.[9] Tá an ráta cothaithe níos fearr sa chuid eile den Eoraip..[6] Tá cúiseanna go leor leis seo, ina measc náire, aineolas, obair agus cultúr. Ar cheann de na deacrachtaí is mó in Éirinn ná go bhfuil “cultúr láidir chothú buidéil ann” agus go leor margaíochta á déanamh chun “brú” á chur ar mháithreacha gabháil leis an bhuidéal.[3]

Tá níos mó cuidithe ar fáil anois do mhná i dtaobh an chothaithe de ná mar a bhí riamh, trí eagraíochtaí amhail ‘Cuidiú’ agus ‘Sure Start’.

Faoin Acht um Cothromaíocht Oibre is Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023 tá baill foirne i dteideal am saor gan pá a chailleadh le haghaidh sosanna beathú cíche ag an obair ar feadh suas le uair an chloig in aghaidh an ghnáthlá oibre. Is féidir sosanna beathú cíche a ghlacadh i bhfoirm sos amháin de 60 nóiméad, nó dhá shos 30 nóiméad an ceann, nó trí shos 20 nóiméad an ceann, nó ar cibé slí eile a chomhaontaíonn an fostaí agus a mbainisteoir.[10]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, breastfeeding
  2. Citizensinformation.ie. "Cúram máithreachais agus an bhanaltra sláinte phoiblí" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-07-31.
  3. 3.0 3.1 3.2 Méabh Ní Thuathaláin (2015-10-09). "Tógaigí amach na cíocha!" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-07-31.
  4. hse.ie (2017). "Cén difríocht a dhéanfaidh beathú cíche?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2022.
  5. "Ceiliúrann an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí an tSeachtain Dhomhanda um Beathú Cíche" (ga). www.gov.ie (2023-08-03). Dáta rochtana: 2024-07-31.
  6. 6.0 6.1 6.2 Ian Mac Murchaidh (2023-08-03). "An chíoch abú / NÓS" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-08-03.
  7. Hussey, Matt (2011). "Cothú cíche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 177.
  8. "Seachtain Náisiúnta um Chothú Cíche FSS 2023 á ceiliúradh i bPort Láirge - Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge" (en-GB). Waterford City & County Council (2023-10-03). Dáta rochtana: 2024-07-31.
  9. Sarah Murphy, Laura Carter, Tasneem Al Shizawi, Michelle Queally, Sarah Brennan, Stephen O’Neill (2023-01-20). "Exploring the relationship between breastfeeding and the incidence of infant illnesses in Ireland: evidence from a nationally representative prospective cohort study". BMC Public Health 23 (1): 140. doi:10.1186/s12889-023-15045-8. ISSN 1471-2458. PMID 36670399. PMC:PMC9854149. 
  10. "Leagann an tAire béim ar theidlíocht leathnaithe nua do shosanna beathú cíche mar chuid de Sheachtain Dhomhanda um Chothú Cíche" (ga). www.gov.ie (2023-08-03). Dáta rochtana: 2024-07-31.
  11. "World Breastfeeding Week" (as en) (2023-08-02). Wikipedia.