Béal Feirste Thuaidh (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Béal Feirste Thuaidh. Cruthaíodh sa bhliain 1922 é.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Feirste Thuaidh

Suíomh
Map
 54° 39′ 47″ N, 5° 57′ 54″ O / 54.663°N,5.965°W / 54.663; -5.965
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán106,500 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,114.02 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla50.378 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú15 Samhain 1922
Gan iontas, atoghadh John Finucane SF arís san Olltoghchán 2024.[1]

Ba é scéal mór an toghcháin é in 2019 nuair a bhain John Finucane,[2] Sinn Féin an suíochán ó Nigel Dodds, leascheannaire an DUP (chuaigh Dodds, anois Baron Dodds of Duncairn, OBE, PC, chuig Teach na dTiarnaí in Westminster ó shin). 1,943 vóta d’fharasbarr a bhí ag Finucane ar Dodds tráth ar sheas an SDLP agus Comhaontas Glas i leataobh chun tacú leis mar chuid den bhfeachtas in aghaidh an Bhreatimeachta agus ról Dodds ann. Bhí 23,000 vóta ag Finucane agus beagán le cois 21,000 ag Dodds. Ba í Nuala McAllister, Páirtí na Comhghuaillíochta an t-aon iarrthóir eile; fuair sise 4,800 vóta.[3]

Bhí 2,600 vóta ag an UUP i dtoghchán an Tionóil in 2022. Chaill leascheannaire an SDLP, Nichola Mallon a suíochán Tionóil anseo in 2022.[3]

Tháinig athrú ar chomhdhéanamh an toghcheantair in 2024, ó aistríodh bardaí na Seanchille, timpeall 2,000 vótaí aontachtacha go Béal Feirste Thiar agus tugadh isteach bardaí náisiúnacha as Aontroim Thoir agus Aontroim Theas. Buntáiste do John Finucane SF a bhí na hathruithe sin ar theorainneacha an toghcheantair.[3]

Bhí seachtar ag seasamh in 2024, gan aon mhargadh réamhvótála déanta, ach mhol ceannaire an UUP, Doug Beattie d’aontachtaithe vótáil do Phillip Brett. B'é an Teachta Tionóil Phillip Brett iarrthóir an DUP in 2024. Tugadh isteach iarrthóir an TUV, David Clarke, as Aontroim Thoir; chaith sé tamall mar chomhairleoir comhthofa de chuid an DUP ach d’fhág sé an páirtí i mí Eanáir ag cur bulaíocht ina leith agus chuaigh sé san TUV i mí an Mhárta 2024. Fearacht formhór na n-iarrthóirí ón TUV ní raibh aon choinne aige le suíochán, agóid in aghaidh an DUP agus an prótacal/creat Windsor a bhí ar siúl.  

Bhí Nuala McAllister, Teachta Tionóil ó Pháirtí na Comghuaillíochta, san iomaíocht arís ach bhí sí i bhfad ar gcúl ar Shinn Féin agus an DUP. Bhí Mal O’Hara, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Seanadóir i dTeach Laighean, ag seasamh; bhí thart ar 1,500 vóta aige in 2022. B'í Fiona Ferguson an t-iarrthóir ag Pobal roimh Bhrabús mar is gnách agus bhí Carl Whyte ag seasamh don SDLP. Ach bhí roinnt i Sinn Féin míshásta faoi Whyte a bheith san iomaíocht, iad imníoch go mbainfeadh sé de vóta Finucane. B’fhearr leo go seasfadh sé i leataobh mar a rinne Sinn Féin i mBéal Feirste Theas dá ndeoin féin.[3]

Gan iontas, atoghadh John Finucane arís san Olltoghchán 2024.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  2. Ciarán Lenoach (2019-12-12). "Tromlach glan ag na Tóraithe - bua rábach" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Póilín Ní Chiaráin (30 Meitheamh 2024). "Gavin Robinson agus an DUP faoi dhianbhrú i mBéal Feirste Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-07.