Athruithe aeráide thar na linnte

Athraithe aeráide thar na gcéadtaí, na míltí agus na millionaithe de bhlianta i stair an domhain.

Is é atá i gceist le hathrú aeráide ná an t-athrú in aeráid domhanda nó in aeráidí réigiúnacha thar tréimhse ama. Cuireann sé síos ar na hathruithe in athraitheacht nó i meánstaid an atmaisféir thar réimsí amscálaí ó deich mbliana go na milliún bliain. Is féidir gur próisis inmheánacha an domhain (mar sh. bolcáin), fórsaí seachtracha (mar sh. éagsúlachtaí i ndéine solais gréine) nó, le déanaí, gníomhaíochtaí daonna is cúis leis na hathruithe seo.

Físeán (1:05) fa chóras na gréine agus athruithe aeráide, le fotheidil as Gaeilge
Fa choinne faisnéise fa ghéarchéim na linne seo, féach an t-alt Athrú Aeráide
Teocht domhanda - 1850 go 2020 (foinse: Met Office de chuid na R-A)[1]

Sa bhliain 2023, sáraíodh na teochtaí ab airde a bhí ar an taifid ó bhí 1940 ann,[2] le linn na tréimhse idir 3 Iúil agus 6 Iúil 2023. Bhí 2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid ach sáraíodh na teochtaí sin in 2024. Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[3] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[4]

Gach mí ó bhí Meitheamh 2023 ann - trí mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil go bhfuil gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Manish Karkera & Guy Griffiths (Institute for Environmental Analytics). "Show Your Stripes" (en). showyourstripes.info. Dáta rochtana: 2024-07-24.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-07-23). "Domhnach 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ó thús na dtaifead" (as ga-IE). 
  3. de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
  4. Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa in 2024.