Athrú aeráide sa bhliain 2023
Bhí an bhliain 2023 go mór fada ar an mbliain is measa ar an dtaifead go dtí sin ó thaobh arduithe ar gháis ceaptha teasa, ar an téamh domhanda agus ar leá na n-oighearshruthanna, de réir an Eagrais Meitéareolaíochta Domhanda, nó an WMO,[1][2][3]
Cineál | events in a specific year or time period (en) |
---|---|
Dáta na bliana | 2023 |
An teacht is airde riamh
cuir in eagarBhí 2023 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh. Bhí an teas domhanda in 2023 1.45°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch. Cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.[4]
Fágann sin gur chuathas an-ghar in 2023 don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an t-ardú ar an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius.
Sháraigh an teocht mara in 2023 a raibh ar an taifead roimhe sin chomh maith agus bhí tonn teasa in os cionn 90% d’fharraigí na cruinne.
Cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.[1]
Polasaithe
cuir in eagarAr an 19 Márta 2024, thug an tEagras Meitéareolaíochta Domhanda foláireamh go bhféadfadh an t-athrú aeráide an saol a chur trína chéile ar fad.[2] Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.[4][1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ 2.0 2.1 WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ 4.0 4.1 "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-20.