Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta atá suite in aice le Cionn Eitigh, Contae Uíbh Fhailí, Éire is ea Ardchros Chionn Eitigh.

Íomhá snoite de Ádhamh agus Éabha

Tá Crois Chionn Eitigh ar thailte Chaisleán Chion Eitigh, a tógadh ar bhruach thiar Abhainn na Camchuairte, timpeall 1.5 km (1 mhíle) soir ó shráidbhaile Cionn Eitigh.

Thóg Naomh Finnian ó Chluain Ioraird (470–549) mainistir ar an suíomh, agus tá baint ag an ardchros leis an mhainistir seo.

Maíonn an finscéal áitiúil gur thóg Naomh Colmán an chros mar chomóradh ar thiontú a athar, Óengus mac Nad Froích (430–489), ag Naomh Pádraig. Clúdaíodh an chros le snoíodóireacht sa 9ú haois ag Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid (b. 862), Ardrí na hÉireann.

Tá an chros déanta de ghaineamhchloch (ní de bhunús áitiúil) agus tá sí 2.4 m (7.9 tr) ar airde.[1][2]

  1. The Standing Stone: Castletown and Glinsk High Cross, Kinnitty, Co. Offaly.”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-12-08. Dáta rochtana: 2015-11-26.
  2. High Cross Kinnitty”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-11-23. Dáta rochtana: 2015-11-26.