Airciméidéas

matamaiticeoir agus fisiceoir Gréagach
(Athsheolta ó Archimedes)

Matamaiticeoir agus fisiceoir agus innealtóir agus aireagóir agus réalteolaí Gréagach ab ea Airciméidéas Shioracús (Gréigis: Ἀρχιμήδης, traslitriú: Arkhimḗdēs) (t. 287 RC – t. 212 RC). Cé nach bhfuil sonraí a shaoil an-soiléir, meastar go bhfuil sé ar dhuine de na h-eolaithe is mó sa tseaniarsma clasaiceach riamh. I measc na forbairtí a rinne sé i bhfisic ná bunú an hidreastatachas agus prionsabal an luamháin a mhíniú.

Infotaula de personaAirciméidéas

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(grc) Ἀρχιμήδης ὁ Συρακόσιος Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(grc) Ἀρχιμήδης Cuir in eagar ar Wikidata
c. 287 "RCh"
Sioracús ársa Cuir in eagar ar Wikidata
Bás212 "RCh"
74/75 bliana d'aois
Sioracús ársa Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású
Áit chónaitheSioracús, an tSicil
Gníomhaíocht
Réimse oibreGeoiméadracht, matamaitic, meicnic, innealtóireacht agus réalteolaíocht
Gairmmatamaiticeoir, innealtóir comhraic, fealsamh, cumadóir, fisiceoir, réalteolaí, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Ré Heilléanaíoch
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairFidias

An scéilín is cáiliúla a insítear faoi Airciméidéas ná an lá a chum sé modh nua chun rud le cruth neamhrialta a thomais. Léim sé amach as an bhfolcadh ina raibh sé suite, agus rith sé amach lomnocht ar an tsráid ag scairteadh "Iúiríce!" (Gréigis: "εύρηκα!"), "Tá sé faighte agam!").