Is leabhar sár-dhíola é An tAilceimiceoir leis an scríbhneoir Brasaíleach Paulo Coelho, a foilsíodh don chéad uair i 1988, sa Phortaingéilis.[1] Leanann an t-úrscéal fáthchiallach seo scéal aoire óg ón Andalúis ar a thuras chun na hÉigipte, tar éis go ndéantar taibhrimh dó arís is arís eile faoi stórchiste a bheith i bhfolach ann. Is é an leabhar Brasaíleach is mó aistrithe ar domhan é, in 88 teanga san iomlán. Faoi 2009, bhí níos mó ná 85 milliún cóip de díolta, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na leabhair is mó díol riamh.[2]

WD Bosca Sonraí LeabharAn tAilceimiceoir
(pt) O Alquimista
(en) The Alchemist Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPaulo Coelho
TeangaPortuguês
Ealaín chlúdaigh leCaravaggio Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Bhrasaíl, 1988 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1988
FoilsitheoirCompanhia das Letras (en) Aistrigh
Tréith
Seánraficsean eachtraíochta agus fantaisíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaAn Andalúis
Tangier
An Sahára
Gobharnóireacht Faiyum
Giza Pyramids (en) Aistrigh
Tarifa Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
The Pilgrimage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Brida (en) Aistrigh agus The Fifth Mountain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 76227ebb-cb0a-43fb-bc4a-6a93d5da8480 Cuir in eagar ar Wikidata

Leanann An tAilceimiceoir turas aoire ón Andalúis darb ainm Santiago. Tar éis go ndéantar taibhreamh dó arís is arís eile, a chreideann sé bheith fáidhiúil, tograíonn sé taisteal go dtí bean feasa Romanaíoch i mbaile in aice láimhe chun brí na brionglóide a fháil amach. Míníonn an bhean an brionglóid mar thuarchomhartha ag foilsiú don bhuachaill go bhfuil stórchiste sna pirimidí san Éigipt.

 
Pirimidí Ghiza

Agus a thuras ina thús, buaileann sé le sean-rí darb ainm Meilcizidic, a chuireann ina luí air a chuid caoirigh a dhíol chun taisteal go dtí an Éigipt agus a luann den chéad uair coincheap chinniúint an duine féin. Is é do chinniúint féin an rud a bhí uait riamh a bhaint amach. Bíonn a fhios ag gach duine, nuair a bhíonn siad óg, cad é a gcinniúint féin. Thairis sin, deir sé "nuair a bhíonn rud éigin uait, feidhmíonn an cruinne ar fad le chéile chun cabhrú leat é a bhaint amach." Is é seo téama lárnach an leabhair.

Ar an mbealach, buaileann an buachaill le Sasanach a tháinig ar thóir ailceimiceora agus leanann sé seo ar aghaidh leis ag taisteal in éineacht leis an mbuachaill. Leanann a dtriall tríd an Sahára agus le linn a thurais, buaileann Santiago le bean álainn Arabach darb ainm Fatima atá ina cónaí lena clann in aice le hósais. Iarrann sé féin ar Fatima é a phósadh, ach deir sí nach bpósfaidh sí é do dtí go mbeidh a thuras críochnaithe agus a stórchiste aimsithe aige. Cuireann sé seo mearbhall air, ach faigheann sé amach ina dhiaidh sin nach gcuireann an grá bac ar aon duine dul ar thóir a chinniúna ná ní iarrann sé a chinniúint féin a íobairt, agus má tharlaíonn sé sin, is amhlaidh nach fíor-ghrá é.

Buaileann an buachaill ansin le hailceimiceoir a mhúineann dó faoin gcinniúint. Deir sé nach mian le daoine ach stórchiste a gcinniúna, gan fonn a bheith orthu an chinniúint sin a chaitheamh. Mothaíonn an buachaill éiginnte faoi féin agus é ag éisteacht le teagasc an ailceimiceora. Deir an t-ailceimiceoir: "Caithfir an stórchiste a aimsiú, ionas go mbeir in ann brí a bhaint amach as na haon ní atá foghlamtha agat fan na slí." Deirtear freisin gur fiúntaí an stórchiste seo ná ór. Filleann sé arís ar phríomhthéama an úrscéil ar fad, "nuair a bhíonn rud ó dhuine i ndáiríre, feidhmíonn an chruinne ar fad le chéile chun cabhrú leis an duine sin a bhrionglóid a bhaint amach."

Carachtair

cuir in eagar
  • Santiago nó 'An buachaill'
 
Castillo de Santa Catalina, Tarifa na hAndalúise

Is é an buachaill príomhcharachtar An Ailceimiceora. Rugadh i mbaile beag san Andalúis é, freastalaíonn sé ar sheimineáir mar ghasúr ach ba mhaith leis taisteal ar fud an domhain. Tá sé de mhisneach aige faoi dheireadh cead a iarraidh ar a athair a bheith ina aoire ionas gur féidir leis machairí na hAndalúise a thaisteal. Oíche amháin, i séipéal tréigthe, taibhrítear dó i mbrionglóid leanbh ag insint dó má théann sé go pirimidí na hÉigipte go bhfaighidh sé stórchiste. Casann sé níos déanaí ar fhear mistéireach i gcathair Tarifa, a sheolann ar thuras é go dtí an taobh eile den Afraic. Tá aigne oscailte ag an ngasúir, rud atá thar a bheith feiliúnach chun a chinniúint féin a aimsiú. Tá ardmheas aige freisin ar a shaoirse, agus is é sin an fáth a n-éiríonn sé ina thréadaí agus go gcuireann sé in aghaidh baint a bheith aige le rudaí a chuireann a saoirse i mbaol. Sa deireadh, tuigeann sé gur minice go gcuirtear an tsaoirse faoi bhagairt ag iarrachtaí dainséar a sheachaint ná ag dul sa seans.

  • Meilcizidic

Is é Meilcizidic rí Shailéim, tír mistéireach i bhfad i gcéin. Ráiníonn Meilcizidic ar Santiago i gcearnóg na cathrach Tarifa, áit a insíonn sé do Santiago faoi Anam an Domhain agus faoina chinniúint féin don chéad uair. Feictear Meilcizidic i gcónaí do dhaoine atá ag iarraidh a gcinniúint féin a fhíorú, fiú mura mbíonn a fhios acu é. Cé go ndealraíonn sé ar dtús go bhfuil sé gléasta i ngnáthéadaí Arabacha, ag pointe amháin tarraingíonn sé a chulaith ar leataobh chun lúireach órga a nochtadh atá breac le clocha lómhara. Thairis sin, tugann sé do Santiago na clocha draíochta Úirím agus Tuimím.

  • Ceannaí an Chriostail
 
Tangier an lae inniu, i dtuaisceart Mharacó

Tugann sé seo post don bhuachaill in Tangier tar éis go robáiltear é. Glacann an buachaill leis an bpost sa siopa criostail agus foghlaimíonn sé go leor faoi dhearcadh an tsiopadóra i leith an tsaoil agus an tábhacht a bhaineann leis an mbrionglóideach. Is fear an-chineálta é an siopadóir, cé go bhfuil eagla air go ginearálta dul sa seans, agus tuigeann sé a bhfuil á lorg ag an ngasúir - níos fearr ná an buachaill féin uaireanta. Is amhlaidh an cás nuair a insíonn an ceannaí don ghasúr nach bhfillfidh sé ar an Spáinn mar gheall nach é sin atá ina chinniúint.

  • An Sasanach

Buaileann an buachaill leis an Sasanach sa charbhán chuig Al-Fayoum. Tá an Sasanach ag iarraidh a bheith ina ailceimiceoir mór agus tá sé ag taisteal go dtí Al-Fayoum chun staidéar a dhéanamh le hailceimiceoir cáiliúil a bhfuil ráfla ag dul thart faoi go bhfuil sé os cionn 200 bliain d'aois agus go bhfuil sé in ann aon mhiotal a iompú ina ór. Foghlaimíonn an buachaill go leor faoin ailceimic ón Sasanach, a thugann a chuid leabhar ar iasacht dó agus iad ag taisteal tríd an Sahára.

  • Fatima
 
Ósais Al-Fayoum ón aer, mar atá cathair Fayyum sa lá atá inniu ann

Cailín álainn atá cónaí uirthi in ósais Al-Fayoum. Titeann an buachaill i ngrá léi ag an tobar, agus bíonn siad ag caint lena chéile gach lá ar feadh roinnt seachtainí. Iarrann sé ar Fatima é a phósadh, ach áitíonn sí air dhul sa tóir ar a chinniúint sula bpósfadh siad. Cuireann sé seo mearbhall air, ach múineann an t-ailceimiceoir dó nach gcuireann an grá bac ar aon duine dul ar thóir a chinniúna ná ní iarrann sé a chinniúint féin a íobairt, agus má tharlaíonn sé sin, is amhlaidh nach fíor-ghrá é.

  • An tAilceimiceoir

Ailceimiceoir an-chumhachtach a chónaíonn in ósais Al-Fayoum san Éigipt. Cloiseann an buachaill mar gheall air ón Sasanach, ar mian leis staidéar a dhéanamh leis an ailceimiceoir, ach sa deireadh is é an buachaill fíor-dheisceabal an ailceimiceora. Caitheann an t-ailceimiceoir éadaí dubha agus úsáideann sé seabhac chun fiach. Tá Éilicsir na Beatha agus an Órchloch i seilbh an ailceimiceora freisin.

  • An Manach Coptach

Stopann an t-ailceimiceoir agus an buachaill ag mainistir Coptach, agus cuireann an manach fáilte rompu. Iompaíonn an t-ailceimiceoir pota luaidhe a sholáthraíonn an manach ina ór, agus scarann sé an diosca ina cheithre chuid, ag tabhairt dhá chuid don manach, le treoracha chun píosa a thabhairt don bhuachaill má bhíonn sé ag teastáil, ceann dó féin, agus ceann eile don bhuachaill láithreach. Déanann an manach iarracht an bronntanas a dhiúltú, ach deir an t-ailceimiceoir leis go bhféadfadh "an saol a bheith ag éisteacht, agus níos lú a thabhairt duit an chéad bhabhta eile." Níos déanaí, nuair a fhilleann an buachaill ar ais ó na pirimidí, é buailte ach lúcháireach, tugann an manach an píosa eile den diosca óir dó agus cabhraíonn sé leis téarnamh.

Níl a fhios aici faoi na pirimidí san Éigipt. Deir sí, "Ní chuala trácht orthu riamh, ach, más leanbh a thaispeáin duit iad, is ann dóibh." Ar an gcéad amharc, bhí an chuma uirthi go raibh sí craiceáilte, amhrasach agus contúirteach don bhuachaill. D'éiligh sí an deichiú cuid de stórchiste an ghasúir dá bhfaigheadh sé riamh é.

Spreagadh don Leabhar

cuir in eagar

Ba é an seanscéal Briotanach The Peddler of Swaffham a spreag é.[fíoras?] Scríobh Coelho An tAilceimiceoir i gceann aon choicíse amháin i 1987.[fíoras?] Mhínigh sé go raibh sé in ann scríobh ar an luas seo toisc go raibh an scéal "scríofa ina anam cheana féin".[fíoras?]

Tugann roinnt údair le fios gur gearrscéal le Gustav Weil a spreag Paulo Coelho. Is é História dos dois que sonharam (Gaeilge: Scéal na Beirte a Bhrionglóidigh) é, ón Antologia da Literatura Fantástica (Díolaim Litríochta Fantasaíochta), díolaim de ghearrscéalta a bhailigh Jorge Luis Borges, Adolfo Bioy Casares agus Silvina Ocampo, nach bhfuil ann ach leathanach amháin ar fad.[3]

Is é príomhthéama an leabhair ná an chinniúint a aimsiú. Dar leis an New York Times, Tá "níos mó den fhéinchabhair" san Ailceimiceoir "ná den litríocht." Insíonn sean-rí do Santiago "nuair a bhíonn rud éigin uait, feidhmíonn an cruinne ar fad le chéile chun cabhrú leat é a bhaint amach." Seo croílár fhealsúnachta an úrscéil agus móitíf í a luaitear arís agus arís eile i dtéacs Coelho An tAilceimiceoir.[4]

D'eisigh foilsitheoir Brasaíleach ar bheagán clú An tAilceimiceoir ar dtús. In ainneoin gur dhíol sé “go maith”, dúirt foilsitheoir an leabhair le Coelho nach ndíolfadh sé choíche, agus “go bhféadfadh sé níos mó airgid a dhéanamh ar an stocmhargadh”. Agus é ag iarraidh a "théarnamh" ón mbuille seo, d'fhág Coelho Rio de Janeiro lena bhean chéile agus chaith sé 40 lá i nGaineamhlach Mojave. Ar fhilleadh ón dturas seo dó, bheartaigh Coelho go raibh sé chun leanúint ar aghaidh ag troid. Bhí Coelho "chomh cinnte gur leabhar iontach a bhí ann gur thosaigh sé ag bualadh ar dhoirse".

Aistriúcháin

cuir in eagar

Aistríodh An tAilceimiceoir go 88 teanga, ó bhí 2016. Thuil sé seo an teideal do Coelho mar an t-údar is mó aistrithe ar domhan dá bhfuil beo, de réir Curiarrachtaí Domhanda Guinness 2009.

Chomh maith leis an teanga bhunaidh, an Phortaingéilis, is iad na teangacha inar foilsíodh an leabhar ná: an Afracáinis, an Airméinis an Albáinis, an Amáiris, an Araibis, an Asarbaiseáinis, an Bhascais, an Bheangáilis, an Béarla, an Bhoisnis, an Bhulgáiris, an Channadais, an Chatalóinis, an Cheatsuais, an Choirdis, an Chóiréis, an Chóisis, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, Esperanto, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghailísis, an Ghréigis, an Gúisearáitis, an Eabhrais, an Hiondúis, an Indinéisis, an Iodáilis, an Ioruais, an Íoslainnis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mhacadóinis, an Mailéalaimis, an Mhalaeis, an Mháltais, an Mharaitis, an Mhongóilis, an Neipeailis, an Ollainnis, an Pheirsis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Phuinseáibis, an Rómáinis, an Rúisis, an tSeapáinis, an tSeicis, an tSeirbis, an Seoirsis, an tSínis, an tSiolóinis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis, an Tagálaigis, an Tamailis, an Téalainnis, an Teileagúis, an Tliongáinis, an Tuircis, an Úcráinis, an Ungáiris, an Urdúis, agus an Vítneaimis.

Comhroinnt na gComhad

cuir in eagar

Tá Paulo Coelho go láidir i bhfabhar a chuid leabhar a scaipeadh trí líonraí comhroinnte comhad idir phiaraí. Chuir sé a chuid leabhar féin ar líonraí comhroinnte comhaid cosúil le BitTorrent, agus thug sé faoi deara gur tháinig borradh faoi dhíolacháin An Ailceimiceora mar gheall air seo. Dúirt sé "Sílim nuair a bhíonn an deis ag léitheoir cúpla caibidil a léamh, féadfaidh sé nó sí cinneadh a dhéanamh i gcónaí an leabhar a cheannach níos déanaí." Faoi láthair, is féidir caibidlí den Ailceimiceoir a fháil ar Google Books agus ó ghníomhaireacht Coelho Sant Jordi Associados.

D’fhoilsigh The Advertiser, nuachtán Astrálach, ceann de na chéad léirmheasanna ar An Ailceimiceoir i 1993, á lua ar na "leabhair is féidir liom a mholadh le muinín diongbháilte ó, agus mé á léamh bhí mé brónach, tógtha, cealgtha nó bogtha, b'fhéidir gur bronntanas uilíoch é an fabhalscéal soiléir seo An tAilceimiceoir ... i bprós iontach, a aistríodh ón mbunleagan Brasaíleach sa Phortaingéilis, leanann sé aoire óg Andalúiseach sa bhfásach sa tóir ar bhrionglóid agus ar a chinniúint a chomhlíonadh." Ó shin i leith, tá moladh forleathan faighte ag an úrscéal, rud a fhágann go bhfuil sé ar uimhir a haon ar liostaí na ndíoltóirí is mó i 74 tír agus bhuaigh duaiseanna mór le rá sa Ghearmáin agus san Iodáil. Tugadh “scéal mealltach,” “scéal iontach simplí” air, agus “scéal iontach, meafar don saol,” ó dhaoine in áiteanna chomh héagsúil leis an Afraic Theas, an Fhionlainn agus an Tuirc. Tá sé molta ag daoine poiblí ar nós Will Smith agus Jorge Garcia. Creideann Arash Hejazi, eagarthóir Iaránach Paulo Coelho, go bhfuil An tAilceimiceoir eisceachtúil ar bhealaí éagsúla: deir sé go raibh “saolré níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis ag an leabhar... Níor thacaigh buiséid arda margaíochta leis sna blianta tosaigh. Ní sa bhFraincis nó sa Spáinnis a scríobhadh é, ní raibh scannán nasctha leis ná níor mhol léirmheastóirí dearfacha agus na meáin é, ach leanann sé de bheith á dhíol, ag brath ar scéala ó bhéal go béil amháin mar an phríomhuirlis mhargaíochta.”

Tráchtáil

cuir in eagar

Ní raibh an t-úrscéal ina leabhar mór-ráchairte ar an toirt. Arna fhoilsiú ag foilsitheoir beag bhí An tAilceimiceoir, mar a bhí a réamhtheachtaí, Diário de um Mago, á dhíol "go mall" sa Bhrasaíl. Chuaigh a rathúlacht tráchtála chun cinn sa Fhrainc nuair a rinneadh leabhar sár-dhíola “gan choinne” de go luath sna 1990idí. Tá 65 milliún cóip den Ailceimiceoir díolta ar fud an domhain san iomlán. Sa tseachtain dar críoch 28 Lúnasa 2016, shroich an t-úrscéal a 408ú seachtain as a chéile ar liosta na leabhar is fearr díol sa New York Times. Tá an t-eagrán faoi chlúdach bog buan ar sheilfeanna na siopaí leabhar i gcónaí.

Tionchar Cultúrtha

cuir in eagar

Leaganacha Scannánaíochta

cuir in eagar

Dúirt Coelho go raibh leisce air cearta a dhíol dá chuid leabhar. Chreid sé go mbíonn "saol dá chuid féin laistigh d'intinn an léitheora" ag leabhar, agus is annamh, a deir sé, a thagann sé ar oiriúnú a bhaineann amach caighdeán an leabhair. Ina ainneoin sin, le himeacht ama, rinne Coelho athmhachnaimh air.

I 2003, cheannaigh Warner Bros. na cearta chun An tAilceimiceoir a dhéanamh ina scannán. Tháinig stop leis an tionscadal agus níor tháinig an scannán chun críche, de dheasca fadhbanna leis an script. Ag pointe amháin, bhí sraitheog catha sa script le 10,000 saighdiúir, cé "nach mbaineann an leabhar lena leithéid." Thairg Coelho $2 milliún do Warner Bros. chun cearta scannán An tAilceimiceoir a cheannach ar ais.

Le linn Fhéile Scannán Cannes 2008, d'fhógair Harvey Weinstein go raibh na cearta don scannán ceannaithe aige agus gurb eisean a bheadh mar léiritheoir air. Tá Laurence Fishburne réidh le páirt an charachtair as ar ainmníodh an leabhar a dhéanamh. Beidh buiséad de $60 milliún aige. Dúirt Weinstein, nach léiríonn scannáin é féin ach go hannamh, "Ní do Laurence [Fishburne] atáim dílis, ní dom féin atáim dílis, nílim dílis do dhuine ar bith ach do Paulo Coelho." Dúirt Coelho: "Tá áthas orm go ndéanfar scannánú ar mo leabhar ar an gcaoi a bhí sé beartaithe agam agus tá súil agam go gcaomhnófar spiorad agus simplíocht mo shaothair. Tá sceitimíní orm go bhfuil mo chairde Laurence Fishburne agus Harvey Weinstein ag obair le chéile." I mí an Mheithimh 2015, tuairiscíodh go raibh Idris Elba le bheith i gceannas agus gurb é Fishburne a stiúrfadh an scannán.

Meáin eile

cuir in eagar

Sna 1990í, foilsíodh oiriúnú mar ghreannán arna dtáirgeadh ag Alexandre Jubran.[5]

Chuir HarperOne, inphrionta de chuid HarperCollins, leagan maisithe den úrscéal, le léaráidí leis an gcartúnaí Francach Moebius, ach ní raibh sé in ann a chur ina luí ar Coelho "toiliú don chóireáil iomlán mar úrscéal grafaice." I mí an Mheithimh 2010, d’fhógair HarperOne go bhfoilseofaí leagan mar ghreannán: The Alchemist: A Graphic Novel in 2010, arna oiriúnú ag Derek Ruiz agus ealaín le Daniel Sampere.[6]

Rinne Cornish Collective oiriúnú don amharclann den Ailceimiceoir agus ba é seo an léiriú ba rathúla go dtí seo. Chuir Ashvin Gidwani Productions ar stáitse é den chéad uair san India. D'eisigh Kajol agus Karan Johar oiriúnú stáitse den leabhair seo san India.

Sa cheol, spreag An tAilceimiceoir go leor rianta faoin ainm céanna. I mí Mheán Fómhair 2009, rinneadh taibhiú ceolfhoirne i sionagóg Ansche Chesed ar an Taobh Thiar Uachtarach in Nua-Eabhrac. Arna spreagadh ag An Ailceimiceoir, chum One World Symphony "taibhiú ceolfhoirne" le haghaidh bhainis an chumadóra agus stiúrthóra ceolfhoirne Sung Jin Hong.

Rinne Macklemore & Ryan Lewis an t-amhrán "Growing Up (Sloane's Song)" mar atá tagairt don leabhar, ag rá, "Molaim duit An tAilceimiceoir a léamh, éist le do mhúinteoirí, ach déan séitéireacht i gcalcalas."

Luann "Searchin" le Matisyahu deireadh an úrscéil in oscailt an amhráin.

Sa bhliain 2007, d'eisigh banna indie Singeapórach Mistaken Identity an t-amhrán "The Alchemist" ar a ndara albam Moving On. Is dlúth-oiriúnú é an t-amhrán ar an scéal.

  1. Film to be made of Coelho's 'The Alchemist'” (inglês). AFP (19 de maio de 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-02-12. Dáta rochtana: 1 de julho de 2010.
  2. High Five With Paulo Coelho”. Forbes (2009-09-01). Dáta rochtana: 2021-12-10.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-29. Dáta rochtana: 2024-07-21.
  4. Cowles, Gregory (2009-10-08). “Inside the List”. The New York Times. Dáta rochtana: 2012-01-28.
  5. "O Alquimista" vira filme de Hollywood
  6. O Alquimista vira HQ

Leabharliosta

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar