An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
Is rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, nó RGCS.[1] Leagann an rialachán síos rialacha chosaint sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta dhaoine, chomh maith le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Ainm gearr | DSGVO, GDPR, GDPR, RGPD, RODO, RGPD, ОРЗД, AVG, ĜDPR, RGPD, GDPR agus SUVP |
---|---|
Cineál | regulation of the European Parliament and of the Council (en) |
Tír | Aontas Eorpach |
Teanga | official languages of the European Union (en) |
Príomhábhar | cosaint sonraí, faisnéis phearsanta agus príobháideachas |
Dáta foilsithe | 4 Bealtaine 2016 |
Údar | Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh |
Obair iomlán | Téacs iomlán |
Eachtraí
cuir in eagarFíneáil Meta 2024
cuir in eagarGearradh fíneáil €91m ar Meta in 2024 i ndiaidh don Choimisiún fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a raibh roinnt pasfhocal stóráilte ag Meta i ngnáth-théacs gan chriptiú ar chórais inmheánacha an chomhlachta. B'iad Meta iad féin a chuir an Coimisiún ar an eolas go raibh na pasfhocail stóráilte gan chosaint acu agus rinneadh an sárú de thaisme, a dúirt siad.
Rialaigh an Coimisiún go raibh ceithre shárú déanta ag Meta ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Bhain siad le teip an chomhlachta úsáideoirí a chur ar an eolas go raibh sárú déanta ar a sonraí pearsanta agus le teip an chomhlachta beartais teicniúla ná eagraíochtúla a úsáid chun sonraí na n-úsáideoirí a chosaint sa chéad dul síos.[2]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Láithreán oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ as Béarla, General Data Protection Regulation nó giorrúchán GDPR
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Fíneáil €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar Meta" (as ga-IE).
- ↑ "General Data Protection Regulation (GDPR) 🇪🇺 Official Text – General Data Protection Regulation". gdprinfo.eu. Dáta rochtana: 2024-09-28.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |