Is pirimid i Dahshur, Éigipt í an Phirimid Dhearg nó an Phirimid Thuaidh. Tugann na daoine áitiúla "Pirimid na nIaltóg" uirthi freisin. Is í an phirimid is mó den trí cinn atá i Dahsur agus is í an tríú pirimid is mó san Éigipt ar fad, i ndiaidh an dá cheann móra i nGiza. Tá sí ainmnithe as an lí scothdhearg atá ar na clocha as a bhfuil sí tógtha. Tógadh an phirimid, áfach, le clúdach d'aolchloch bhán Tura. Níl ach a rian den aolchloch fágtha ag coirnéal amháin den phirimid inniu mar baineadh an aolchloch sa Mheánaois le foirgnimh a thógáil i gCaireo. An Faró Sneifearú, sa tSeanríocht, a rinne an Phirimid Dhearg a thógáil timpeall na bliana 2590 R.Ch.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Phirimid Dhearg
Íomhá
Sonraí
CineálSmooth-sided pyramid (en) Aistrigh, suíomh seandálaíochta agus Pirimidí na hÉigipte Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dereilig Mheimfis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht2590 "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Déanta asaolchloch
Tomhas104 (airde) × 220 (leithead) m
original height: 109.5 (airde) m
Achar dromchla48,400 m²
Toirt mar chainníocht1,694,000 m³
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGobharnóireacht Giza, An Éigipt Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDahshur (en) Aistrigh
Map
 29° 48′ 30″ N, 31° 12′ 21″ E / 29.808333333333°N,31.205833333333°E / 29.808333333333; 31.205833333333
An Phirimid Dhearg

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar