An Oighearthréimhse Dheiridh

Mhair an Oighearthréimhse Dheiridh níos mó ná 100,000 bliain, ó ~115,000 go dtí 11,700 bliain ó shin. Tugtar an Oighearaois Deiridh nó go simplí an Oighearaois uirthi freisin.

Eisir Riada

Is cuid de sheicheamh mór de thréimhsí oighreacha agus idiroighreacha í an Oighearthréimhse Dheiridh ar a dtugtar an tOighriú Ceathartha. Thosaigh an tOighriú Ceathartha thart ar 2,588,000 bliain ó shin agus tá sé fós ar siúl.[1] Thosaigh an tOighriú agus an Tréimhse Cheathartha atá ar siúl anois nuair a foirmíodh oighearchaidhp an Artaigh. Thosaigh foirmiú oighearchaidhp an Antartaigh níos luaithe, thart ar 34 milliún bliain ó shin, i lár na Ré Caenasóiche. Tháinig an oighearthréimhse roimhe sin, an Oighearthréimhse Leathdheireanach, chun deiridh thart ar 128,000 bliain ó shin. Bhí sí níos déine ná an Oighearthréimhse Dheiridh in áiteanna áirithe, mar shampla in Éirinn, ach ní raibh sé chomh dian sin in áiteanna eile.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Clayton, Lee. “Glaciation of Wisconsin”. Dept. Geology, University of Wisconsin.